Cailleadh an fidléir iomráiteach as Dún na nGall, Tommy Peoples, Dé Sathairn 4 Lúnasa.
Bhain Tommy clú amach le The Bothy Band agus mar sheinnteoir aonair thar na blianta agus aithníodh feabhas a chuid ceoil ar fud na cruinne.
Is i gContae an Chláir a bhí sé ina chónaí le fada agus is ann a chuirfear é tráthnóna inniu.
Anseo thíos tá marbhna i gcuimhne an tsárfhidléara scríofa ag an scríbhneoir aitheanta, agus cara le Tommy, Diarmuid Johnson.
SORAIDH SLÁN LE TOMMY PEOPLES
Soraidh slán leat, a chiúinfhir shéimh
Tá Fódla faoi dhólás i do dhiaidh anocht
Go brách arís do mhacasamhail ní chluinfear
Thaosc tú do chuid feasa as sruth atá ag dul i léig.
Ba tú oidhre na mbard grinn
Ceol na dtéad ba rannaíocht duit, ba rannaíocht agus deibhí,
Mór an scéal atá fuinte i do chuid fonn;
Scéal ár gcinniúna, ár gcinniúint ‘s ár mórtas.
I gCeann na Caillí is ea a labhair tú liom roimh Nollaig
Cér lag do ghlór, ba luaimneach fós d’aigne.
Do theach ba lom, ach má bhí tú féin gan éadáil
D’fhág tú i do dhiaidh saibhreas nach bhfágann mórán.
Droim Chléibh na hInse: is sa Chlár a bheas do luí
Ní ó thuaidh i gcríocha Uí Dhuibhne do shinsear
Is cóir sin: ó dheas a chaith tú blianta móra do chuid bisigh
Is cóir fós: athair agus mac* faoi aon fhód amháin.
Éireoidh grian, ach múchadh orainn lóchrann
Níl ann feasta ach fannsholas fómhair agus an bhliain ag dul ó bhrí!
Flosc na hóige agus tocht na mblian:
Bhí an dá ní sin go dord-dhearg i gcuisle do chuid ceoil.
Soraidh slán leat, a chiúinfhir shéimh
Tá Fódla faoi dhólás i do dhiaidh anocht
Is é mo thrua gan mé in Éirinn áit a bhfuil tú os cionn cláir
D’ólfainn an béiléiste duit, agus chanfainn duit mo dhán –
‘Soraidh slán, soraidh slán’.
*Tommy Óg