Tá sparánacht ar fiú €165 bronnta ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann ar dhuine de cholúnaithe NÓS, Hannah Ní Chonghaile. Is é Foras na Gaeilge a chuir an maoiniú ar fáil don ocht sparánacht a bronnadh an tseachtain seo agus beirt eile ar foilsíodh ailt leo ar leathanaigh NÓS i gcaitheamh na mblianta ina measc: Eoin Mc Evoy agus Ciara Ní Éanacháin. Thosaigh Hannah Ní Chonghaile ag scríobh do NÓS ag deireadh na bliana seo caite agus tá áilt á scríobh aici don iris go rialta ó shin.
Is iad Majella Ní Dhomhnaill, Lisa Nic an Bhreithimh, Sinéad Silva, Annemarie Nugent, agus William James Ó hÍomhair na scríbhneoirí eile a fuair na sparánachtaí €165 chun cúrsa scríbhneoireachta a dhéanamh in Áras Scríbhneoirí na hÉireann.
Tá súil ag Foras na Gaeilge agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann go gcuirfidh na sparánachtaí ar chumas na scríbhneoirí a bhuaigh iad “a gcuid scileanna a fhorbairt” ar na cúrsaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach.
“Tá Áras Scríbhneoirí na hÉireann ag iarraidh deiseanna níos fearr a chur ar fáil do dhaoine as gach pobal le fáil amach faoi agus páirt a ghlacadh sa scríbhneoireacht chruthaitheach,” a dúradh i ráiteas a chuir an eagraíocht amach.
Roghnaigh painéal moltóirí neamhspleácha an t-ochtar a fuair na sparánachtaí agus dúradh go ndearnadh iarracht ar leith iad a dháileadh ar dhaoine “ó chúlraí éagsúla” go mór mór daoine a bhfuil “tearcionadaíocht acu i saol na litríochta in Éirinn”.
Bhí duine de na scríbhneoirí a fuair sparánacht an tseachtain seo ina hambasadóir ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann cheana – Ciara Ní É.
“Déanann Áras Scríbhneoirí na hÉireann an-obair ar son na litríochta in Éirinn, tugann siad an-tacaíocht do scríbhneoirí agus tá pobal deas cruthaithe acu. Tá an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn ina phátrún air, agus tá stádas ag baint leis sin.
“Is ceird uaigneach é an scríbhneoireacht, agus bíonn sé iontach go bhfuil eagraíocht ann a thuigeann cad atá ar siúl agam, agus a thugann deis duit bualadh le daoine eile atá ag dul don rud céanna,” a dúirt Ciara agus í ag trácht ar fhiúntas an Árais ceithre bliana ó shin.