Spásanna i Láthair Ghaeltachta Electric Picnic ar fáil anois

Is féidir clárú anois do na spásanna campála atá ar fáil ar an Láthair Ghaeltachta ag Electric Picnic na bliana seo.

Le cúig bliana anuas tá cainteoirí Gaeilge ag teacht le chéile chun a gcuid puball a chur in airde ar an láthair chéanna ag an bhféile mhór cheoil, a bheidh ar siúl an 1-3 Meán Fómhair ar an Sráidbhaile i gContae Laoise.

Tá láithreacht láidir ag na Gaeil ag an bPicnic Leictreach le tamall maith de bhlianta anois, idir An Puball Gaeilge clúiteach sa limistéar Mindfield agus An Chollchoill, ardán Gaeilge a bhíonn á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge.

Is é an Conradh atá ag comhordú na campála Gaeilge freisin agus iad ag moladh do dhaoine “teacht agus fanacht sa Láthair Ghaeltachta, áit a mbeidh an Ghaeilge i réim mar phríomhtheanga labhartha agus a mbeidh craic, cannaí agus comhluadar i measc Ghaeil na Féile.”

Tá na ticéid d’fhéile na bliana seo díolta amach ach má tá ceann agat is féidir clárú don láthair champála Ghaeltachta ar Eventbrite anseo.

Ar chlár An Puball Gaeilge i mbliana beidh ceol le leithéidí na Bonnymen, Sisterix, Tuath, JúcBox, Aoife Kelly agus Marcus Mac Conghail. Beidh plé ann le Diarmuid Ling, Eoghan Mac Cormaic, agus Jenny Ní Ruiséil, seó le Beo Ar Éigean, gig de chuid GaelGÁIRÍ agus go leor eile lena chois.

Sa Chollchoill beidh DJanna, banríonacha drag, agus grúpaí ceoil ar nós The Len Collective, an Shandrum Céilí Band agus Bandia ar an ardán.

Foilsifear tuilleadh sonraí faoi chláir iomlán na n-ardán Gaeilge idir seo agus tús mhí Mheán Fómhair.

SCÉALTA EILE