Spórt an Oireachtais

Ós rud é gur ag scríobh faoi chúrsaí spóirt a bhím den chuid is mó, ní féidir liom Oireachtas na Samhna a scaoileadh tharam gan tagairt do Spórt an Oireachtais. Na comórtais, na cluichí, agus na seaimpíní. Ní na comórtais oifigiúla atá i gceist agam anois, ach na comórtais a bhíonn eadrainn féin, in iarracht léiriú gur muid an tOireachtasóir is fearr…

1. An Turas

Faoin tráth seo, tá fhios againn uilig gur léiriú é an t-aistear a rinneadh le dul chomh fada leis an Oireachtas, ar a thiomanta agus atá duine don chúis. Tá lucht Dhún na nGall céim chun cinn orainn agus iad ag dul chomh fada le Cill Áirne. Ach fan. Cén duine a rinne an íobairt ba mhó? Fear Ghaoth Dobhair sa Hyundai deas glan, te, atá in ann dul thar leoraithe go héasca, nó an créatúr as Leitir Mealláin a d’fhulaing ar bhus an Oireachtais, a thóg trí lá dul as Gaillimh? 

2. Seiceáil isteach

Chuile bhliain, bíonn Gaeilgeoirí na hÉireann ag iomrascáil le lucht óstáin ag iarraidh ‘h’-eannaí agus sloinnte a chur in iúl. Fiosraítear ainm, agus deireann mo dhuine Séamus Mhichíl Mháire Bhríd. Aisteach go leor níl aon sheomra ann don fhear seo. Ach tá sé tar éis trí lá a chaitheamh ar bhus ar an Oireachtais agus níl sé chun ligean léi. Sa deireadh, faigheann sé amach go raibh an seomra faoi ainm James McDonagh. “Tá sé ró-luath le dul ag troid leo,” a deireann James, cath caite cheana féin agus glacann sé leis an seomra.

3. Streachailt an tSeomra

Ní shin tada arnó, i gcomparáid leis an té an raibh orthu trí mhíle glaoch gutháin a dhéanamh agus dhá chéad ríomhphost a sheoladh chun seomra a fháil sa Gleneagle. Sin iad Ridirí an Oireachtais. 

4. Comórtas Áilleachta

Ceann de na rudaí is fearr faoin Oireachtas ná go dtugann sé deis bhliantúil dúinn le cur síos ar dhaoine agus suntas a thabhairt má bhreathnaíonn siad níos fearr nó níos measa ón mbliain seo caite.

5. Comórtas na mBróg nua

Níl aon mhaith déanta mura bhfuil tú in ann a dhéanamh amach cé acu de na damhshóirí a cheannaigh bróga nua, ach nach n-admhóidh é.

6. Comórtas (neamh)chodlata

Seo an rannóg do na daoine gur maith leo maíomh gur fhan siad ina suí níos deireanaí ná aon duine eile.

7. Comórtas an bheáir

Ní féidir fanacht i do shuí amach san oíche, áfach, gan beár. Buann an té a aimsíonn an coirnéilín beag a d’fhan oscailte go dtí an cúig.

8. Comórtas ‘barr feabhais’

An té a dhéanann an ragairne ar fad, agus fós, a éiríonn in am do shiúlóid an Oireachtais. 

9. Comórtas seachanta

Tá bonn tuilte ag té atá in ann an té a chuaigh ar shiúlóid an Oireachtais tar éis a bheith amuigh go dtí an cúig sa mbeáirín beag a sheachaint. 

10. An Seaimpín

Tá iarracht déanta ag go leor, ach níl aon duine in ann an choróin a bhaint ó Mháirtín Tom Sheainín. Ní chodlaíonn sé néal ón gCéadaoin, casann sé stéibh nó dhó, aimsíonn sé chuile bheár agus chuile dhuine, codlaíonn sé sa seomra is fearr, tá Corn Uí Riada buaite aige agus beidh sé ina shuí breá luath sa Ródaí maidin Dé Domhnaigh.

SCÉALTA EILE