Beidh Gradaim NÓS 2024 ar siúl i mBéal Feirste an 9 Feabhra. I mbliana bronnfar an gradam do ‘Nuatheachtaí na Bliana’ in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí, an laoch craoltóireachta agus pobail a d’imigh uainn anuraidh. Idir seo agus an ócáid bhronnta díreofar aird ar na ceoltóirí atá ainmnithe i rannóg na nuatheachtaithe.
________________________________________________________________
Ainm: Huartan
Seánra ceoil: Ceol tradtronica ina mbaintear úsáid as gnéithe an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil damhsa
Scéal: Is as Béal Feirste, Caisleán Uidhilín, agus Gaoth Dobhair don triúr cheolmhar a d’úsáid ainm an tí tábhairne inar bhuail siad in 2022 (‘The Hawthorn Bar’ i mBéal Feirste) lena n-ainmniú – is focal Oghaim é Huartan ar sceach gheal. Bhain siad úsáid as pianóchairdín agus feadóga móra chomh maith le feisteas Págánach ina seónna in 2023 chun domhan draíochtúil claochlaitheach a chur i láthair don lucht féachana. Díoladh gach ticéad ag na seónna s’acu i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus The Black Box.
Spreagadh: Tarraingíonn Huartan ar cheol draíochtúil Niteworks, Valtos, agus Clannad mar inspioráid dá saothar. Cuireann siad téamaí págánacha frithchaipitlíocha in iúl atá bunaithe ar theachtaireacht Sinéad O’Connor, a bhí ina spreagadh eile ag an ghrúpa ceoil chomh maith le Fever Ray agus The Pagan Rave.
Pleananna do 2024: Eiseoidh Huartan cúig thraic mar chuid de EP úr i mbliana. Beidh siad ag seinm ag roinnt féilte le linn an tsamhraidh agus beidh a gcéad singil ‘Bean Udaí Thall’ ag dul ar Spotify ar lá Ghradaim NÓS – an 9 Feabhra.