Spotsolas ar na Nuatheachtaithe: Róis

Beidh Gradaim NÓS 2024 ar siúl i mBéal Feirste an 9 Feabhra. I mbliana bronnfar an gradam do ‘Nuatheachtaí na Bliana’ in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí, an laoch craoltóireachta agus pobail a d’imigh uainn anuraidh. Idir seo agus an ócáid bhronnta díreofar aird ar na ceoltóirí atá ainmnithe i rannóg na nuatheachtaithe.

 


 

Ainm: Róis

Seánra ceoil: Meascán sainiúil den daoncheol, ceol clasaiceach, snagcheol agus leictreonaice

Scéal: Is as Contae Fhear Manach do Róis, cumadóir, il-ionstraimí agus amhránaí a bhfuil staidéar déanta aici i gCeol-Acadamh Ríoga na hÉireann agus in Koninklijk Conservatorium na Háige. In 2023 d’eisigh sí a céad albam, UISCE AGUS BEAN, ar a bhfuil a fuaim leitheach féin le cloisteáil go soiléir. Agus í ag seinm beo, athraíonn sí a liostaí seit i gcónaí agus deirtear gur eispéiris tharchéimnitheacha iad a cuid seónna.

Spreagadh: An traidisiún Gaelach, an dúlra thart uirthi agus an iliomad foinsí inspioráide eile. Is fuaimdreacha móra toirniúla a chruthaíonn sí agus is minic a chuirtear a cuid ceoil i gcomparáid le leithéidí Meredith Monk, Björk nó Hatis Noit.

Pleananna do 2024: Beidh EP ar an chaoineadh á eisiúint ag Róis i mí Mheán Fómhair agus roimhe sin beidh sí ar ardán ag roinnt féilte le linn an tsamhraidh. Coinnigh súil amach dá camchuairt san fhómhar.

SCÉALTA EILE