Anocht ag 7in ar BBC Raidió Uladh, craolfar clár faisnéise nua, ‘An Fáinne’, a chíorann stair 100 bliain an tsuaitheantais aitheanta.
Tá cuimhní deasa ag Proinsias Ó Coinn, léiritheoir agus láithreoir an chláir, ar a chéad fháinne airgid a fháil agus é sna déaga.
“Cúis bhróid” a bhí ann biorán an fháinne lonraigh a phriocadh fríd an gheansaí scoile.
Toradh maith ar staidéar chrua a bhí ann, dar leis.
Comhartha a bhí san Fháinne go raibh Gaeilge ar do thoil agat agus go gcuirfeá fáilte roimh chainteoirí Gaeilge.
An t-am sin, is beag aird a bhí ag Proinsias ar ghluaiseacht na Gaeilge, ar an ghéarchéim teanga ag tús an chéid seo caite agus ar dhíograiseoirí na Gaeilge a chruthaigh an tsiombail aitheanta.
100 bliain ó caitheadh na chéad fháinní, musclaíodh spéis Phroinsias in athuair san Fháinne agus chuaigh sé ar thuras siar sa stair le tuilleadh eolais a fháil air.
“Shíl mé gur iarracht de chuid Fhoras na Gaeilge a bhí ann siombail a chaitheamh lena thaispeáint do dhaoine gur cainteoir Gaeilge tú. Ach bhí an Fáinne mar chuid d’iarrachtaí athbheochana teanga ag tús an chéid seo caite agus d’imir sé ról tábhachtach i gcur chun cinn na Gaeilge,” arsa Proinsias le NÓS.
Ar an 17 Feabhra 1916, tháinig grúpa Gaeilgeoirí le chéile i mBaile Átha Cliath agus iad buartha go raibh tús áite á thabhairt don Bhéarla, fiú i measc cainteoirí Gaeilge.
Is ag an chruinniú sin a cuireadh togra an Fháinne ar bun agus dhearbhaigh na baill nach labhródh siad Béarla le haon bhall eile den ghrúpa ach amháin i gcásanna eisceachtúla ina mbeadh gá leis.
Sa chlár tugann an Dr Liam Andrews léargas ar staid na Gaeilge i 1916 agus ar an ról lárnach a d’imir an cumann i bhfás agus i bhforbairt na Gaeilge ó shin.
Tugann Proinsias cuairt ar a sheanscoil féin, Scoil na Mainistreach in Iúr Cinn Trá, agus ar Chumann Chluain Ard agus ar An Droichead i mBéal Feirste le fáil amach cad é an tábhacht atá ag an Fháinne dóibh.
Cas an diail agus bí ag tiúnáil isteach ar Raidió Uladh ag 7in.