Súil leis na céadta ag Féile na Gealaí

Cuirfear tús tráthnóna le Féile na Gealaí i Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí agus tá lucht a heagraithe ag súil le cúpla céad duine ag an bhféile cheoil Ghaeltachta i gcaitheamh an deireadh seachtaine, idir lucht na campála a bheidh ag fanacht ar pháirc pheile Ráth Chairn as seo go maidin Dé Domhnaigh, agus lucht na dticéad lae a bheidh ag tabhairt cuairte ar an láthair anocht, amárach, agus maidin Dé Domhnaigh. 

Díoladh gach uile thicéad campála don fhéile faoi dheireadh na míosa seo caite agus bhí an-tóir ar na ticéid lae freisin. Bunaíodh Féile na Gealaí i Ráth Chairn samhradh na bliana 2016, agus deir lucht a heagraithe go bhfuil an fhéile ag dul i méid gach bliain ó shin. 

Beidh bannaí agus amhránaithe na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an ardán ón 3 a chloig tráthnóna go dtí moch maidine Dé Domhnaigh. Anuas ar an gceol, tá clár leathan imeachtaí beartaithe don deireadh seachtaine, rudaí do pháistí agus do dhaoine fásta ina measc. 

Tá roinnt gnólachtaí bia tugtha isteach go Ráth Chairn ag lucht na féile den chéad uair i mbliana agus beidh rogha leathan ag lucht a freastail le greim a fháil le n-ithe le linn na féile, idir bhia Tex-Mex, bia ó fheirm orgánach agus bia Chaifé Ráth Chairn. 

Dúirt duine de heagraithe na féile, Caoimhe Ní Chathail, le NÓS go bhfuil go leor oibre déanta ag an bhfoireann le tamall anuas leis an bhféile a chur ar siúl agus go bhfuil muintir Ráth Chairn anois ag súil le fáilte a chur roimh Ghaeil ó cheann ceann na tíre le deireadh seachtaine lán spraoi agus ceoil a chaitheamh. 

“Tá muid ag obair ar fhéile na bliana seo ó bhí an bhliain a chuaigh thart ann, ach tá an-iarracht curtha isteach ag muintir Ráth Chairn le seachtain anuas lena chinntiú gurb í seo an Fhéile na Gealaí is mó agus is ráthúla a bhí ann go dtí seo. Tá réimse an cheoil agus na n-imeachtaí eile mór millteach i mbliana agus tá muid ag súil le sult a bhaint as an deireadh seachtaine anois i ndiaidh na hoibre ar fad,” a dúirt sí. 

Beidh NÓS i láthair ag Féile na Gealaí i mbliana, beidh gailearaithe á bhfoilsiú mar chuid den chomórtas atá á reáchtáil againn i gcomhar le lucht na féile, agus beidh Pod don Eolach, podchraoaldh NÓS á thaifeadadh ar an láthair le Hannah Rua Ní Bhaoill agus Edel Ní Churraoin, bunaitheoirí na féile.

SCÉALTA EILE