‘Tá an teanga nasctha le gach aon chuid de chultúr na hÉireann i Meiriceá’

Agus deireadh mí an Mhárta buailte linn, is gá dom súil a chaitheamh siar ar ‘an mí is Gaelaí’ anseo sna Stáit Aontaithe. Bhí an oiread sin ag tarlú i rith na chéad choicíse den mhí gur thóg sé seachtain bhreise orm teacht chugam féin! Ach an ceacht ba mhó a d’fhoghlaim mé as an rud uilig ná go bhfuil grá do chultúr na hÉireann, na hÉireannaigh agus an Ghaeilge beo agus láidir anseo in Connecticut.

Bhí go leor ar siúl againn in UConn chun an scéal a scaipeadh maidir le himeachtaí thart ar Lá Fhéile Pádraig. Chabhraigh sé go mór imeachtaí a eagrú faoi bhrat Sheachtain na Gaeilge, agus bhí sé go hálainn eolais maidir le Seachtain na Gaeilge a roinnt le mo scoláirí agus iad a tharraingt isteach sa spraoi. Bhí sé ar fheabhas plé a thosú maidir le cur chun cinn na Gaeilge anseo sna Stáit Aontaithe agus conas is féidir linn meon níos dearfaí a fhorbairt chun í a choinneáil slán. Tá go leor daoine fós ann nach dtuigeann go bhfuil ár dteanga féin againn, agus sílim gurb é sin an chéad céim atá orainn a thabhairt chun an Ghaeilge a thabhairt ó neart go neart.

Ní féidir linn ‘Mí na Gaeilge’ a phlé gan cur síos a dhéanamh ar Lá Fhéile Phádraig. Chaith mé an lá uilig sa chlub in Glastonbury, an áit plódaithe le daoine agus ceol Gaelach agus rince Gaelach sa halla mór ó na scoileanna áitiúla rince. Cheap mé go mbeadh cumha i ndiaidh an bhaile orm ar an lá sin, ach mhothaigh mé an-chóngarach don bhaile de bharr an t-atmaisféar agus grá don chultúr agus teanga mórthimpeall orm. Lean an mothúchán sin ar aghaidh nuair a bhí mé ag máirseáil leis an gclub CLG Hartford sa Pharáid Fhéile Pádraig, taithí den scoth ag siúil taobh ar thaobh le mo chlann Mheiriceánach agus muid ag cicéail liathróidí peile Gaelaí timpeall na cathrach agus ag múscailt suime sa spórt. 

Mar is eol dúinn uilig, tá an teanga nasctha lea gach aon chuid de chultúr na hÉireann, go háirithe leis an gceol, damhsa, na healaíona agus spórt. D’aithin mé é seo ag na himeachtaí in UConn, ar Lá Fhéile Pádraig, ag Paráid Fhéile Pádraig agus i rith na míosa seo ar fad.

Ach arís, tá sé suimiúil nuair a chuireann tú duine ar an eolas faoin nasc idir an teanga agus an cultúr go ginearálta, go mbíonn dearcadh níos doimhne acu faoin gcultúr saibhir atá againn. Nuair a thosaigh mé ag múineadh na Gaeilge san Irish American Home in Glastonbury, bhí rang lán agam a raibh níos mó ná 30 duine ann. Nuair a d’fhógair mé sraith nua ranganna, chláraigh níos mó ná ceathracha duine. Tá suim láidir acu uilig bheith chomh sáinnithe isteach sa chultúr agus is féidir, agus cuireann sé an-áthas orm go bhfuilim in ann seirbhís a chur ar fáil chun cabhrú leo. 

Is deacair a chreidiúint go bhfuil mo thréimhse ag teacht chun deiridh go luath, i gceann dhá mhí go leith. Nílim ag ligean dom féin smaoineamh faoi, chun a bheith macánta, mar táim ag iarraidh leanúint ar aghaidh do mo shá féin isteach sa phobal anseo, agus an grá atá acu do chultúr na hÉireann a mhúscailt chun í a scaipeadh ar fud fad na háite.

SCÉALTA EILE