‘Tá fíodóirí focal in Inis Fáil go fóill’

Tá an t-ádh orm i ndáiríre. An bhfuil ceantar ar bith sa tír chomh saibhir i leith na siamsaíochta agus atá na ceantair Ghaeltachta?

Scoth na gceoltóirí agus na hamhránaithe, filí agus scríbhneoirí, daimhseoirí, aisteoirí agus a bhfuil de dhána eile faoi spéir mhór na cruinne.

Cibé céard a deir na Béarlóirí faoina bheith ag luascadh cait thart agus ag bualadh daoine, ach áit ar bith a mbíonn tú i gConamara —  agus tá mé cinnte gurb ionainn muid agus na Gaeltachtaí eile — bíonn tú i bhfoisceacht scread asail de dhuine éicint a dhéanfadh puipéad de do chroí lena gceird.

Ní luafaidh mé ainm mar bith mar níl mé ag iarraidh náire a chur ar dhuine ar bith agus níl mé ag iarraidh duine ar bith a mhaslú thrí dhearmad ná thrí thuairim.

Ach ar aon chuma, seachas an corrimeacht phoiblí nó ócáid mhór ní fheictear na daoine seo i mbun a gceirde leath sách minic — seachas an seisiún ceoil nó oíche airneáin (ar “oíche airneáin” fós é más i bpub a tharlaíonn sé?) a bhíonn againn uair sa tseachtain.

Más féidir le fear a rá go mbíonn oíche amháin dhraíochta aige in aghaidh na seachtaine cén chaoi a bhféadfadh casaoid a bheith go brách aige.

Isteach leat thar tairseach nuair a théann teas na tine thú ó fhuacht na hoíche agus uirlisí nó amhránaí do do mhealladh isteach mar a bheadh tionlacan ag an ofráil san Aifreann. 

Isteach i lár na féile agus chuile dhuine chomh sásta thú a fheiceáil. Gáire, sacadh, fáilte.

Pórtar ón mbeár agus síos leat má tá poll le fáil le suí inti. Tús maith leath na hoibre

Anois ó tharla gur amhránaí ar an sean-nós mé, agus gur beag scéal a dhéantar de cheol nua Gaeilge, is beag dóchais a bhí agam i dtodhchaí chaighdeán fhilíocht na Gaeilge ón méid beag a bhí cloiste agam anseo agus ansiúd. Ní cheapfainn fós go mbeidh leithéid Raiftearaí go brách arís ann ach sin scéal eile. Ach, má tá cead agam leagan a ghoid ó chlúdach leabhair de chuid Thadhg Mhic Dhonnagáin, tá fíodóirí focal in Inis Fáil go fóill.

Amhráin a thugann an sonc céanna don anam agus a thabharfadh leithéidí Townes Van Zandt nó Kris Kristofferson, i mo theanga dúchais féin, agus ní raibh orm fanacht cheithre chéad bliain lena fháil ó cheolán caoch éicint as Maigh Eo.

Bíonn mé suite ansin faoi dhraíocht ag na hasarlaithe seo ag obair leo mar a bheadh clog. Tosóidh duine ar rud éicint agus de réir a chéile, agus daoine ag tiúnáil a gcuid cluas leis, tiocfaidh uirlis i ndiaidh uirlise agus comhcheol má fheileann sé agus faoi dheireadh thiar thall bíonn an seomra lán le ceol mar a bheadh cór siógaí dhá chasadh aníos as lios taobh thiar den bheár.

Ní hamháin sin ach is daoine iad atá chomh lách agus chomh cineálta, chomh gnaíúil agus chomh cairdiúil. Níl aon bhreithiúnas ná aon chomórtas. Níl ann ach craic den chéad scoth.

Is laochra liom iad na daoine seo. (Tusa thú féin san áireamh, a Mhama.)

Deirtear nár cheart duit castáil le do chuid laochra go brách. Ní aontaím leis sin. Ach má tá luach ar bith le mo thuairimse déarfaidh mé féin an méid seo: ná déan laoch de dhuine ar bith sula gcasfaidh tú leo.

SCÉALTA EILE