‘Tá Go Maith’ Rónán Uí Shnodaigh agus Albaim eile na Míosa

Rónán Ó Snodaigh – Tá Go Maith (Arbutus Yarns)

Beirt nár chuir a gcuid ama amú le linn tréimhse na dianghlasála iad Rónán Ó Snodaigh agus a leathbhádóir ceoil ar an albam seo, Myles O’Reilly.

Do líonadar carr go béal le gléasanna agus trealamh ceoil agus thugadar faoi ‘Shell Cottage’ i coillte Maigh Nuad, áit a bhfanadar go dtí go raibh obair Tá Go Maith déanta. Thosnaigh gach lá le hamhrán agus ghléasadar é i rith an lae .

Toradh na hoibre sin ná an saothar is doimhne agus is aoibhne atá taifeadta ag Ó Snodaigh go dtí seo. Tá creidiúint ar leith ag dul go O’Reilly as an bhfuaim thathagach dhraíochtúil atá fáiscthe aige as a shintéiseoir módúil – a lámh éadrom ag cur go mór le nótaí fuaimiúla agus portaireacht Uí Shnodaigh.

Ola ar mo chroí iad na hamhráin chroíúla ionraic fhealsúnta seo, a bhfuil idir ghreann, bhuíochas agus dánacht a baint leo.

Shire T – Tomorrow’s People (Dama Dama)

Aon leath amháin é Chris Davids den dís léirithe Maribou State. Ar a chéad albam seo faoin ainm stiúideo Shire T, díríonn sé ar cheol don urlár rince. Saothar bunaithe, go bunúsach, ar ghluaiseacht agus fuinneamh seit dioscmharcaíochta sa chlub é Tomorrow’s People. Más cliché, de shaghas, an cur chuige úd ní minic a chloisfeá é déanta ar bhealach chomh cumasach agus a bhfuil ag Davids anseo.

Ceol leictreonach mealltach, milis, bríomhar atá romhat. Lán de bhuillí briste, fuaimeanna sintéiseora faoileanda agus giotaí de ghlórtha ban bainte ó cheirníní R&B, dioscó agus sól. 

Tá rianta mar ‘Blue Kiss’ agus ‘L.D.R.A’  go mór faoi chomaoin ag cleasa glice stiúideo Bicep agus The Chemical Brothers, gan trácht ar fhuaim réabh The Prodigy, ach má tá saothar uait le casadh ag an gcóisir tí iar-chlub, ambaiste ach go mbuaileann Tomorrow’s People an sprioc.

metra.vestlud – ∞ (Kofla Tapes) 

Is an chéad rud ar maidin nó díreach roimh dom dul i mo luí istoíche a bhím ag éisteacht leis an saothar caoindéanta seo de chuid an cumadóra metra.vestlud as Yekaterinburg na Rúise. 

Ceol fíneáilte, réchúiseach gan buillí atá romhat, ach ní bheadh sé macánta ceol ambient a thabhairt ar ∞. Ní ceol é seo a cumadh le cur ar siúl sa chúlra gan aon aird a thabhairt air

Insíonn teidil rianta mar ‘A Choir Of Angels Crowns’ agus ‘Birth Swirls In The Air’ agus ‘Evening Paradise Moments’ a scéalta féin, agus táimse ag rá leat go maitheann metra-vestlud geallúintí na dteideal céanna ach do chluasa a thabhairt dó ar feadh seala.

The Bug – Fire (Ninja Tune)

Saothar chomh trom le trucail agus níos nimhní ná smugairle cuachach ata in Fire, an chéad albam aonair atá eisithe ag Kevin Martin (The Bug) ón mbliain 2014. 

Deirim albam aonair ach tá scata aíonna, idir MC-anna grime is dancehall agus an file Roger Robinson, le clos ar Fire.

Molaim clabaireacht Flowdan ar ‘Pressure’ agus ‘Bomb’, go háirithe – is é an MC leis an gcur i láthair is údarásaí agus is bagraí ar an taobh seo den Atlantach. Tá oidhreacht an dub-file Linton Kwesi Johnson, nach maireann, beo fós i rannta Nazamba (‘War’), agus tá sruth gutha Logan ar ‘Clash’ chomh lúfar lena raibh cosa Fred Astaire tráth dá raibh.

Albam lán d’fhearg dearg fíréanta.

Répéter – Bad Twang (Bokeh Versions)

Samhlaigh an giotáraí surf-rac Dick Dale i mbun ceoil le grúpa dub-reigé nach bhfuil de ghléasanna ceoil acu ach cinn déanta as pé bruscar atá aimsithe acu faoi ghrian dhian an Sierra Nevada  i ré iar-apacailipteach agus tá tuiscint éigin agat ar an bhfuaim spadánta ghriandóite atá Martin Yul Werner na hOstaire tar éis cruthú ar Bad Twang. Mar atá i i gceist le leithéidí Augustus Pablo agus King Tubby, tá gach port mórán mar chéile leis an gceann a tháinig roimhe ach cén dochar nuair atá an t-atmaisféar féin chomh suaithinseach?

SCÉALTA EILE