Is Éireannach mé, agus is Éireannach an-bhródúil mé. Ach nuair a tharraingítear as an dtír mé do Lá Fhéile Pádraig, is fíor-Éireannach mé, Éireannach díocasach amach is amach. Is Ceilteach mé agus tógaim gach seans é a thaispeáint do na hinimircigh eile.
Ba é an chéad rud a dhéanas maidin inné ná gur oscail mé an fhuinneog agus chuireas na Pogues ar siúl ar an bhfón, chomh hard is ab fhéidir. An rud normálta é sin domsa ar maidin? Ní hea, in aon chor, ach bhíos ag iarraidh a chur i gcuimhne do na comharsana gur linne an lá cé go bhfuilimid na mílte ciliméadar ó bhaile.
Sa bhaile, ní gá dom smaoineamh faoi Lá Fhéile Pádraig fiú; tá gach rud eagraithe dom, an pharáid mhór, an iarnóin sa phub, an seisiún ceoil. Seachas b’fhéidir banda glas gruaige, ó go raibh an fheadóg stáin i mo láimh agam agus Fáinne Geal an Lae á sheinnt agam i rang a sé, ní dhéanaimse faic chun cur leis an lá i ndáiríre.
Ach anseo i gCéinia, níl duine i mo shaol nach bhfuil san eol faoi thábhacht an lae inniu, fiú beirt oibrithe slándála Chéiniacha nár chualadar riamh faoi Éirinn. Ach tá a fhios acu anois, agus dá mba rud é go rachaidís go tráth na gceist am éigin agus tagann an cheist anuas ‘cé hé/hí éarlamh na hÉireann?’ beidís in ann é a fhreagairt mar gheall ar an eolas a d’fhág mé féin leo.
Táim dúichíoch faoi chomh maith. Táim bréan de scéalta starógacha faoi do sheanmhuintir a chloisteáil mar “ceapann” tú gur tháinig madra do chol cheathrair ó Baile Átha Cliath, nó go bhfuil “an-eolas” agat ar Shligeach de bharr Normal People. Ná labhair liom faoin té a ghuí “Happy Patty’s Day” orm. Ní déarfaidh sé a leithéid arís.
Is beag an ceiliúradh atá ar siúl anseo in Nairobi do Lá Fhéile Pádraig. Ní lá saoire bainc atá i gceist againne agus ní raibh ceiliúradh ceart ann go dtí an lá inniu leis an ambasáid. Tá rud éigin ait faoin lá speisialta seo a cheiliúradh an lá dár gcionn, agus níos aistí fós – is ócáid fhoirmiúil atá i gceist, fada óna cótaí Regatta clúdaithe le silly string. Mar sin féin, beimid i measc na n-Éireannacha eile lonnaithe i gCéinia nuair a thógaimid, le cabhair Dé (agus cabhair Caelan Dorris), an Chaithréim Mhór. I dteannta ár gcairde Gael, mar is ceart.