Gatehouse // Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loingsigh, Baile Bhuirne, Dé hAoine, 6 Márta @ 20:00
An dtaitníonn ceol an bhanna Gatehouse libh? Má sea, bí ar an eolas go mbeidh siad le feiscint anocht i gCorcaigh, san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne. Sin iad na ceoltóirí John Wynne, Rachel Garvey agus Jacinta McEvoy, a bhfuil dhá albam eisithe acu go dtí seo, Tús Nua agus Heather Down the Moor. Cloisfear rianta ón dá dhlúthdhiosca sin, i gcaitheamh na hoíche, táim cinnte! Ina dteannta, beidh beirt aoi cheoltóirí, Alan Kelly agus Michael McCague.
An Feileacán agus an Rí // Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste; Dé Sathairn 7 Márta agus Dé Domhnaigh 8 Márta
Do chuala an t-údar Máire Zepf faoi agallamh ag Caoimhe Ní Chathail le déanaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoin seó An Féileacán agus an Rí; agus spreagadh mé ag a cuid cainte. Taispeántas úrchumtha é, atá bunaithe ar leabhar ó pheann an údair, le hathinsint aici ar sheanscéal aitheanta, ársa. Bunús an scéil ná go n-iompaítear Éadaoin ina féileacán chun í a scarúint óna grá geal, Mír; agus léireofar amhlaidh ar stáitse i bhfoirm focal, rince agus ealaíon, go luath.
Is iad Máire í féin, an cóiréagrafaí Clara Kerr agus an maisitheoir Shona Shirley MacDonald atá ag plé leis an tionscnamh seo, atá curtha i láthair i gcomhar le Young at Art, faoi bhráid Fhéile Bhéal Feirste na bPáistí. Léireofar é i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé Sathairn beag seo @ 15:00 agus Dé Domhnaigh @ 14:30. Seolfaidh Máire, Shona Shirley agus an foilsitheoir Tadhg Mac Dhonnagáin ó Futa Fata an leabhar roimh an taispeántais ar an Satharn, timpeall 14:00.
Tadhg Ó Grifín agus a bhanna, Na Gealta, Club an Chonartha, Dé Sathain 7 Márta @ 20:00
Cloisfear go leor faoi Thadhg Ó Grifín amach anseo – i mbliana, táim siúreáilte – agus sna blianta romhainn. Tá sé feicthe agam ag Gradaim NÓS, ag Féile na Gealaí agus ócáidí eile nach iad agus glac uaim é, tá cur i láthair faoi leith aige atá tarraingteach agus spleodrach.
Beidh a bhanna Na Gealta ina theannta an deireadh seachtaine seo i gClub an Chonartha agus lucht eagraithe na háite i mbun ceiliúrtha ar Sheachtain na Gaeilge. Bí leo ar an Satharn óna 20:00 agus léirigh do chuid tacaíochta
Lá Idirnáisiúnta na mBan, plé painéil, Páirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh 8 Márta @ 18:00
Ós ag scríobh faoi Sheachtain na Gaeilge atáim, ba dheas liom bhur n-aird a tharraingt ar ócáid eile. Beidh Lá Idirnáisiúnta na mBan á chomóradh Dé Domhnaigh agus painéal cainte eagraithe chun Spórt na mBan a phlé. Beidh painéal cainteoirí i láthair i bPáirc an Chrócaigh chun tabhairt faoin gcaint. Sin iad ambasadóir na seachtaine, Eimear Considine, gur imreoir rugbaí í; eagarthóir spóirt TG4 Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus an t-iar pheileadóir le foireann Chorcaí, Valerie Mulcahy.
Is í Gráinne McElwain, ambasadóir eile na seachtaine agus craoltóir a bheidh i mbun cathaoirleachta ar an imeacht, atá eagraithe in éineacht leis an CLG. Má tá suim agat bheith i láthair, beidh ort nóta a sheoladh chuig orlaith@cnag.ie
Celebration of the Blaskets // An Taibhdhearc, Gaillimh Dé Céadaoin 11 Márta @ 20:00
Déanfar ceiliúradh ar na Blascaoidí ag imeacht a bheidh ar siúl i bhfad ó Dhún Chaoin Dé Céadaoin seo chugainn. Is i gCathair na dTreabh a bheidh ceoltóirí éagsúla ag teacht le chéile don oíche speisialta seo agus ina measc beidh bean Dhún Chaoin, Muireann Nic Amhlaoibh agus a banna, Dónal O’Connor agus Gerry O’Beirne. Ciarraíoch eile a bheidh ann ná an ceoltóir cumasach, Niamh Ní Charra a bheidh le clos in éineacht le Noreen O’Donoghue agus ensemble téaduirlise, i dtaispeántas atá cumtha agus stiúrtha ag Colm Ó Foghlú, dar teideal Suantraí na hInise. Déanfar sé ana oíche Cois Coiribe. Gach eolas ó antaibhdhearc.com