Beidh spraoi breise i bpríomhchathair na Breataine Bige thar an deireadh seachtaine agus ceann de mhórfhéilte na Breatnaise ar siúl ar thailte chaisleán stairiúil Caerdydd.
Cuireadh tús le Tafwyl (comhfhocal bunaithe ar ainm na habhann Taf agus gwyl a chiallaíonn ‘féile’) 10 mbliana ó shin chun an Bhreatnais a chur chun cinn mar chuid den ghnáthshaol i gcathair a bhfuil tuilleadh ar 36,000 cainteoir líofa ina gcónaí inti.
Le seachtain anuas tá imeachtaí éagsúla de gach cineál ag tarlú ar fud Caerdydd – is liosta le háireamh iad na ceolchoirmeacha, díospóireachtaí, comórtais spóirt, drámaí agus go leor eile atá ar siúl – agus tiocfaidh gach rud chun buaice Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh leis na príomhimeachtaí ag caisleán ársa na cathrach.
Bhí beagnach 20,000 duine páirteach i bhféile na bliana seo caite agus táthar ag súil leis na sluaite bheith i láthair arís do na gigeanna móra, gan fiú trácht a dhéanamh ar na ceardlanna, seisiúin litríochta, taispeántais chócaireachta, cainteanna, imeachtaí teaghlaigh agus an puball speisialta a bheas ann le haghaidh foghlaimeoirí.
Tá iomrá ar bheocht shaol an nuacheoil Bhreatnaise agus beidh plúr na gceoltóirí i mbun aicsin ina dteanga féin ar na príomhardáin cheoil, ina measc an banna brufanta indie Sŵnami, Yws Gwynedd ón ghrúpa Frizbee, Cowbois Rhos Botwnnog lena rac draíochta agus banríon electropop na Breataine Bige, Gwenno.
Is léiriú é Tafwyl ar an athbheochan teanga atá ag tarlú i gCaerdydd agus i gceantair uirbeacha eile i ndeisceart na Breataine Bige le glúin nó dhó anuas agus is ábhar misnigh é do thodhchaí na Breatnaise trí chéile.
Gura fada buan é… Cymraeg Abú!
Seo thíos físeán leis an ghrúpa Sŵnami a bheas ag ceol ag Tafwyl Dé Sathairn. Tá liosta iomlán na mbannaí, agus an t-eolas ar fad faoin fhéile, le fáil ar tafwyl.org