Tá ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí, scéalaithe agus taibheoirí eile á lorg ag lucht eagraithe an Phubaill Gaeltachta a bheidh mar chuid d’Fhéile Ghaelach Milwaukee an deireadh seachtaine seo.
Is féidir le daoine a bhfuil spéis acu a dtallann a thaispeáint ar an ardán ag an bhféile mhór clárú tríd an bhfoirm ar-líne seo. Beidh taispeántais ann Dé Sathairn an 21 Lúnasa ag 19.00 (CST) agus Dé Domhnaigh an 22 Lúnasa ag 12.15 (CST).
“Abair linn má tá spéis agat rud éigin a dhéanamh ar an ardán oscailte ag an bPuball Gaeltachta. D’fhéadfadh rud ar bith i gceist. Taispeáin dúinn do bhua! Abair amhrán, inis scéal, reic dán, cas ceol, déan damhsa, abair jócanna linn. Ba dheise i bhfad dá mbeadh sé i nGaeilge nó go dátheangach,” a deirtear ar an bhfoirm iarratais.
Is í Féile Ghaelach Milwaukee an fhéile Éireannach is mó dá bhfuil ann i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus mealltar na scórtha mílte daoine chuici bliain i ndiaidh bliana. Cuireadh an fhéile mhór ar ceal an bhliain seo caite mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh tríd an tír.
Beidh féile na bliana seo ar siúl cois locha ag Páirc Féilte Henry Maier in Milwaukee. Idir an 20-22 Lúnasa. Cuirfear tús oifigiúil leis an bhféile tráthnóna Dé hAoine le Pop Up Gaeltacht ag an bPuball Gaeltachta. Beidh an ceoltóir agus amhránaí Máirtín de Cógáin ar an ardán ag 17.00 an tráthnóna céanna. Beidh an fear Gaeltachta Joe Cullen ann ar an Aoine freisin agus amhráin i nGaeilge agus i mBéarla ag fear Fhánada.
Ar na daoine eile a bheidh ag an bPuball Gaeltachta i gcaitheamh an deireadh seachtaine beidh an banna ceol Ceiltreach Eira, an damhsóir sean-nóis Danielle Enblom, agus an tAmbasadóir Dan Mulhall a thabharfaidh caint ar an gcaidreamh idir Éire agus Meiriceá. Beidh ranganna Gaeilge ar siúl sa Phuball Gaeltachta i gcaitheamh an deireadh seachtaine freisin.