Taibheoirí an Phubaill Gaeilge ag Electric Picnic fógartha

Tá liosta na gceoltóirí, amhránaithe, ealaíontóirí, agus taibheoirí eile a bheidh ar an ardán ag an bPuball Gaeilge ag Electric Picnic 2022 fógartha. Beidh ceol, cainteanna, drámaí, podchraoltaí, greann agus eile ar siúl sa Phuball a bheidh sa Mindfield ag an bhféile mhór cheoil i gcontae Laoise ag tús na míosa seo chugainn.

Ar na hamhránaithe a bheidh ann, beidh Etáin, Eric de Buitléir, Na Gasúir Gainimh, Marcus Modh Conghiallach, Buíon Naoise, agus Mark Langan. Beidh ceol ann ó Niamh Ní Chatháin, Mac Paddy Rua, Nasc Dé hAoine, Brighde Cambeuil na hAlban agus eile. Beidh deis ag lucht freastail an Phubaill Gaeilge a gcuid ceoil féin a dhéanamh freisin agus an Google Karaoke ar siúl.

Beidh an múinteoir ióga Jenny Ní Ruiséil i láthair, chomh maith le seisiúin de chuid Imbolc ‘Ted Talks na Gaeilge’ le Diarmuid Ling agus Eoghan Mac Cormaic, agus taifeadtaí beo de na podchraoltaí Beo Ar Éigean agus An Timshaol. Beidh seó grinn GaelGÁIRÍ ann freisin agus na fuirseoirí Hugh Carr, Oisín Mistéil, agus Louise Nic Aodháin ar an ardán.

Tá liosta iomlán na dtaibheoirí a bheidh ag an bPuball Gaeilge sa Mindfield anseo.

Tá an Puball Gaeilge 15 bhliana ar an bhfód anois agus i láthair ag an Electric Picnic ar an Sráidbhaile i gcontae Laoise ó luathbhlianta na féile, arb í an fhéile cheoil is mó in Éirinn anois í. Is é Rossa Ó Snodaigh a reáchtálann an puball agus tá an t-uafás ceoltóirí agus taibheoirí eile Gaeilge tar éis a bheith ar an ardán ann i gcaitheamh na mblianta.

Dheimhnigh Síomha Ní Ruairc ó Chonradh na Gaeilge do NÓS inniu go mbeidh an dara hardán Gaeilge ag an Electric Picnic arís i mbliana. Is é sin an Chollchoill a cuireadh ar bun den chéad uair in 2018. Ba mar chuid de Bhliain na Gaeilge a bunaíodh an Chollchoill agus an láithreán speisialta campála do lucht labhartha na Gaeilge.

Beidh tuilleadh taibheoirí Gaeilge ar an ardán sa Chollchoill deireadh seachtaine na féile ach dúirt Síomha nach mbeidh an liosta sin á fhógairt go ceann cúpla seachtain eile. Is mar a chéile an scéal faoi láithreán campála ‘Gaeltachta’ ag an bhféile, ní dhearnadh aon fhógra fós faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh áit ar leith ann do champálaithe na Gaeilge ag Electric Picnic.

Beidh an fhéile féin ar siúl an chéad deireadh seachtaine den mhí seo chugainn – an 2-4 Meán Fómhair – i Halla an tSráidbhaile i gcontae Laoise.

SCÉALTA EILE