Beidh taibhsí, deamhain agus púcaí ag sliodarnach trí shráideanna Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn agus Paráid na Samhna Mhacnais ar siúl arís mar chuid d’Fhéile Bram Stoker na cathrach.
Beidh an chéad léiriú de Out of the Wild Sky ar siúl Dé Domhnaigh i gcathair na Gaillimhe féin, sular dtabharfaidh puipéadóirí Mhacnais agus a n-arrachtaí uafáis aghaidh ar an bpríomhchathair tráthnóna Dé Luain.
Cuirfear tús leis an mórshiúl ar Shráid an Mhúraigh ag 7pm agus leanfaidh ar aghaidh i dtreo Lána Mhuire, síos Sráid Anraí, Sráid Mhuire, Sráid Chéipil, Sráidín na Breataine agus Sráid Halston. Fógraíodh cúrsa na Gaillimhe an tseachtain seo freisin: beidh taibhseoirí Mhacnais ag fágáil Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag 5.30pm agus ag siúl i dtreo an Chladaigh trí Shráid na Siopaí.
Áirítear an pharáid i mBaile Átha Cliath ar cheann de bhuaiceanna Fhéile Bram Stoker, atá á reáchtáil sa gcathair le sé bliana anuas in ómós an scríbhneora Éireannaigh a chruthaigh an vaimpír is cáiliúla ar domhan, Dracula.
Tá ceithre lá agus oíche d’imeachtaí scanrúla beartaithe ag lucht eagraithe na féile in ionaid éagsúla ar fud na cathrach agus súil an scríbhneoir cáiliúil gotach a chomóradh ar bhealach cruthaitheach.
Ar na himeachtaí eile atá beartaithe don deireadh seachtaine, beidh scannáin uafáis á dtaispeáint in ionaid éagsúla timpeall na cathrach, Garraithe Náisiúnta na Lus ina measc; beidh drámaí uafáis á léiriú i gCaisleán Bhaile Átha Cliath; agus mórléiriú taibhsiúil nuascríofa The Night of the Shifting Bog, á chur i láthair istoíche i bPáirc Anna ag an gcomplacht Loosysmokes.
Tá cúrsa na bparáidí agus tuilleadh eolais faoi imeachtaí eile na féile ar fáil ar shuíomh Fhéile Bram Stoker.