The Art of Dreams agus ceithre imeacht eile

Call the Dancers, Whelan’s, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn, 4 Lúnasa @ 19:00 (mar chuid d’Fhéile Trad & Folk Whelan’s atá ar siúl go dtí an 5 Lúnasa)

Bhíodh seisiúin rialta cheoil thraidisiúnta ar siúl i dtábhairne Whelan’s na hArdchathrach. Tá tamall ann áfach ó eagraíodh an ceann deireanach. Tá dea-scéala atá agam do léitheoirí NÓS inniu más ea! 

Tiocfaidh Call the Dancers (Rónán Ó Snodaigh, Eoin Dillon agus Graham Watson) mar aon le Gearóid Carrick le chéile ar an láthair an Satharn beag seo. Is ar mhaithe le Féile Trad & Folk an ionaid a bheidh siad ag seinm, mar chuid de shraith ócáidí a bheidh ar siúl go dtí Dé Domhnaigh, 5 Lúnasa. Tabhair cuairt ar whelanslive.com do liosta na gceoltóirí ar fad, agus tá scata acu ann! Saorchead isteach an deireadh seachtaine fada seo d’imeachtaí na féile sin. 

Taispeántas Andrew Whitson, The Art of Dreams, Dánlann Dillon, Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, as seo go dtí an 7 Meán Fómhair ’18

Tá taispeántas Andrew Whitson ar siúl i láthair na huaire i nDánlann Dillon i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich. Seoladh go hoifigiúil é tráthnóna Déardaoin. Saothar an ealaíontóra atá cruthaithe aige le tuairim is 25 bliain anuas atá ar taispeáint, faoin teideal The Art of Dreams. Is ar iasacht ó bhailiúcháin phríobháideacha atá cuid de na pictiúir seo, leis an maisitheoir oilte ó Bhéal Feirste. 

Is léaráidí is mó a bhíonn ag Andrew agus a leithéid déanta aige do scata leabhar le blianta anuas, cuirim i gcás Rita agus an Róbat agus Rita agus an tSíog Mhaith (Máire Zepf, An tSnáthaid Mhór), agus leaganacha nua Jimín Mháire Thaidhg (caighdeánach agus canúnach, An tSnáthaid Mhór), mar díreach cúpla sampla. Beidh priontaí dá chuid oibre ar díol sa Chultúrlann a fhaid is atá na pictiúir ar crochadh! Tiocfaidh deireadh leis an taispeántas ar an 7 Meán Fómhair. Bí cinnte cuairt a thabhairt air roimhe sin…don bhféile Liú Lúnasa perchance?! Ní fada uainn é…

Session with the Pipers, Tábhairne an Cobblestone, Margadh na Feirme, Dé Máirt, 7 Lúnasa @ 21.30

Is minic mé ag trácht ar thábhairne an Cobblestone i Margadh na Feirme ar an leathanach seo. Go deimhin táim á dhéanamh arís an tseachtain seo, mar go mbeidh seisiún ar siúl ar an láthair a mbeidh spéis ag léitheoirí NÓS ann, i mo thuairim. ‘Session with the Pipers’ an t-ainm atá air, ócáid rialta a bhíonn ar bun ann, an chéad Mháirt de gach mí. Do mhí Lúnasa, is iad an píobaire Jerry O’Sullivan, an fliúiteadóir Catherine McEvoy agus bean na fidle, Edel McWeeney, a bheidh páirteach sa tseisiún. Danny Maidhcí Ó Súilleabháin ó Chúil Aodha a bheidh ag soláthar na n-amhrán. Is le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon atá an t-imeacht seo á eagrú. 

Fíochán Filí:

Club Chléire, Oileán Chléire, Dé Céadaoin, 8 Lúnasa @ 19.30;

Dún Mhuire, Sráid an Phiarsaigh, an tAonach, Dé hAoine, 10 Lúnasa @ 20:00

Beidh Fíochán Filí ag leanúint ar aghaidh an tseachtain seo chugainn. Seo sraith imeachtaí de chuid Lab an Daingin, a thugann filí agus ceoltóirí le chéile. Tá béim faoi leith ar fhilí agus ar fhilíocht chomhaimseartha i mbliana, an dara bliain don tsraith a bheith ar an mbóthar. Dé Céadaoin seo chugainn is ar Oileán Chléire a bheidh na filí Áine Moynihan agus Paddy Bushe ag aithris a gcuid saothar. Beidh ceol le clos ar an oíche ó fhear céile Áine, Feargal Mac Amhlaoibh, agus is í Líle Ní Chonchúir a bheidh ag seinm ina theannta. Leanfaidh an turas ar aghaidh ar an 10 Lúnasa ar an Aonaigh, i dTiobraid Árann, leis na filí Biddy Jenkinson agus Simon Ó Faoláin, agus le ceol ó Ruth Morrissey agus Ciara O’Sullivan. Tuilleadh faoi sin an tseachtain seo chugainn!

Pop Up Gaeltacht, Sarsfield’s Bar, Droichead Átha, Co. Lú, Déardaoin, 9 Lúnasa @ 20:00

Ní fada uainn Fleadh Cheoil na hÉireann i nDroichead Átha, a bheidh ar siúl i lár na míosa seo. Mar sin féin níl aon easpa ócáidí ar mhuintir an bhaile sin idir an dá linn. Beidh Pop Up Gaeltacht ar siúl ann Déardaoin seo chugainn, nuair a roghnófar tábhairne mar lárionad, agus go mbaileoidh lucht labhartha na Gaeilge ann. An t-ionad ná Sarsfield’s Bar agus beidh na daoine ag teacht le chéile óna hocht. Bí leo chun pé méid Gaeilge atá agat a labhairt – is leatsa í!

SCÉALTA EILE