Féile Bia Daingean Uí Chúis, 5-7 Deireadh Fómhair, An Daingean, Co. Chiarraí
Beidh an gabhar á róstadh i mBaile an Daingin an deireadh seachtaine seo áit a mbeidh Féile Bia an bhaile ar siúl. Bhíos féin i láthair ag an ócáid seo sna blianta imithe tharainn agus glac uaim é, bíonn an áit faoi dháir! Sea, tagann na sluaite bliain i ndiaidh bliana chun togha gach bídh agus dí a bhlaiseadh ó tháirgeoirí áitiúla agus uatha siúd a thagann ó áiteanna níos faide i gcéin. Bíonn cosc ar fheithiclí ar chuid de na sráideanna chun cead a gcinn a thabhairt do choisithe chun na margaí a fheiscint, freastal ar thaispeántais chócaireachta, cosán an bhídh, ceardlanna agus imeachtaí do leanaí mar aon le lán na súl a bhaint as an tsiamsaíocht sráide! Tá súil agam go mbeidh an aimsir oiriúnach dóibh.
Conal Ó Gráda, Aoife Granville, Joanne Quirke agus Brendan Ring, An Spailpín Fánach, Cathair Chorcaí, Dé Sathairn 6 Deireadh Fómhair @ 13.00
Mar chuid d’fhéile cheol tíre (folk) Chorcaí, beidh na ceoltóirí breátha Aoife Granville, Conal Ó Gráda, Joanne Quirke agus Brendan Ring ag seinnt ceoil sa Spailpín Fánach sa chathair an deireadh seachtaine seo. Máistrí na bhfeadóg iad ceathrar agus léireoidh siad a mbuanna don lucht féachana amárach óna haon a chlog.
The Night Before Larry Got Stretched, The Cobblestone, Dé Domhnaigh 7 Deireadh Fómhair @ 21:00
The Night Before Larry Got Stretched, an t-ainm atá ar oíche amhránaíochta agus airneáin a bhíonn ar siúl i dtigh tábhairne an Cobblestone, i Margadh na Feirme, ar an gcéad Domhnach den mhí. Ócáid shóisialta atá i gceist, eagraithe ag grúpa amhránaithe. Is í réalta Fleadh TV, an craoltóir agus ceoltóir cumasach, Doireann Ní Ghlacáin a bheidh mar aoi mhí Dheireadh Fómhair! Dála an scéil, tá an bhean chéanna san iomaíocht d’aitheantas mar Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, a bhronnfar ag deireadh na míosa ag ócáid le linn na féile sin, i gCill Airne na Ríochta. Ádh mór léi agus na hiomaitheoirí ar fad!
An Triail, An Taibhdhearc, Dé Máirt 9 DF @ 10:30, 11:30 & 14:30; Dé Céad. 10 DF @ 10:30 & 12:30
Is mó cainte atá déanta le blianta fada faoi shaothar Mhairéad Ní Ghráda, An Triail, a phléann le hábhar atá b’fhéidir níos tráthúla i láthair na huaire ná mar a bhí le fada. Beidh deis acu siúd atá i mbun staidéir air an dráma fheiscint an tseachtain seo, mar go mbeidh an comhlacht iomráiteach drámaíochta, Fibín, á léiriú sa Taibhdhearc. Leagan ar leith atá geallta a bhaineann úsáid as aghaidheanna fidil agus puipéid agus a thugann insint chruthaitheach ar an scéal, agus fuinneamh agus greann fite fuaite tríd, mar is dual don gcomplacht.
Babaithe Cultúir, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Dé Máirt 9 DF @ 10am
Nach deas an smaoineamh atá sa togra ‘Babaithe Cultúir’? Is éard atá i gceist ná go mbailíonn tuismitheoirí lena leanaí óga (0-4) i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich uair sa tseachtain chun blaiseadh a fháil do ghnéithe éagsúla den ealaín agus den gcultúr! Maireann na seisiúin ar feadh dhá uair a chloig, óna 10 ar maidin, gach Máirt. Le linn na seisiún, múinfidh ealaíontóirí gnéithe faoi leith dá gceird dóibh siúd a bheidh i láthair, ar bhonn spraíúil, cruthaitheach. Beidh spásanna faoi leith leagtha amach dóibh siúd ar mhaith leo leabhar a léamh nó díreach pictiúr a tharraingt. Is cuma cén caighdeán Gaeilge atá agat, beidh fáilte romhat agus roimh do leanbh don dtréimhse a mhairfidh an tsraith, 5 seachtaine ar fad.