Nuair a bhí mé ar mo bhealach abhaile ó Fhéile na Gealaí, bhí mé go hiomlán in ísle brí. Bhí mo chroí briste nach raibh mé in ann fanacht ansin go deo agus a bheith i measc mo chairde iontacha an t-am ar fad.
Ní raibh mé in áit rómhaith ar chor ar bith agus ar deireadh, chinn mé gurb fhearr gan dul chuig leithéidí Fhéile na Gealaí agus an tOireachtas agus rudaí eile a bhíonn ar siúl mar gheall go mbíonn tú ag mothú uafásach faoi do shaol ina dhiaidh agus go mbíonn na blues nó post session depression ort ina dhiaidh.
Bhí mé ag smaoineamh gurbh fhearr gan a bheith ag mothú róthógtha faoi rudaí nó a bheith líonta le grá mar fágann sé cumha ort ina dhiaidh.
Ach diaidh ar dhiaidh, tháinig mé ar ais chugam féin agus d’imigh an brón agus an t-uaigneas a thagann ort i ndiaidh duit trí lá den scoth a chaitheamh leis na Gaeil. Bhí cúpla lá iontach agam ar obair; theagasc mé mo chéad rang Gaeilge riamh agus sílim gur éirigh liom ar a laghad rud amháin a theagasc dóibh.
D’aithin mé, agus mé ag rothaíocht abhaile ón obair an lá sin, go bhfuil mo shaol go maith agus go bhfuil an t-ádh liom go bhfuil cónaí orm sa chathair is deise ar domhain (ní chluinim thú ag easaontú liom), go bhfuil post maith agam agus nach féidir really a bheith ag gearán faoi rudaí.
Labhair mé le daoine galánta ag an Fhéile a thug spreagadh agus misneach dom agus bhí mé in ann sin a thuigbheáil i ndiaidh dom cúpla lá a chaitheamh ag mothú trua dom féin. Bhí eipeafáine de chineál agam an lá faoi dheireadh go bhfuil rudaí go maith i mo shaol agus nach bhfuil orm daoine a bheith thart orm i gcónaí le sult a bhaint as an saol.
Tá mé ag glacadh seasamh polaitiúil liom féin fosta agus tá mé anois ag caitheamh éadaí ildaite dóighiúla agus gúnaí beaga, fiú agus é ag stealladh báistí. Mothaím go ndéanann sé an saol níos gile nuair a bhíonn dathanna thart orm agus go gcuireann sé spionn maith orthu siúd atá thart orm fosta.
Tá sé i gcónaí ar cúl m’inchinn, áfach, nach mbeidh an samhradh linn go deo agus go dtiocfaidh an lá arís nuair atá orm na gúnaí a mhalartú le brístí agus cóta mór a chur orm arís agus nach mbeidh an saol chomh daite draíochta is atá anois.
Cuireann sé brón orm gur dócha go mbeidh mé ag fulaingt arís le fadhbanna meabhairshláinte nuair a imíonn an ghrian uainn arís ach ag an am céanna, is féidir liom a bheith an-bhuíoch go bhfuil faoiseamh inchinne agam don am i láthair agus go mbeidh mé saor ón scamall dorcha uafásach a bhíonn thar mo cheann ar feadh leath den bhliain.
Ach idir seo agus sin, beidh mé amuigh faoin spéir ag baint an-sult go deo as an saol agus as laethanta breá m’óige!