Tá na ticéid champála ar díol anois d’Fhéile na Gealaí 2019, a féile cheoil chomhaimseartha na nGael a bheidh ar siúl i Rath Chairn i nGaeltacht na Mí an samhradh seo chugainn. D’fhógair lucht na féile ar na meáin shóisialta tráthnóna go bhfuil ‘Sraith 1’ de na ticéid, an tsraith is saoire, ar díol ar Eventbrite anois.
€55 atá ar thicéad don deireadh seachtaine iomlán, agus cead campála san áireamh, ar an 14-16 Meitheamh 2019. “Ceol agus féile faoi dhraíocht na spéire” a ghealltar ag Féile na Gealaí an bhliain seo chugainn agus roinnt mhaith ceoltóirí fógartha cheana féin, leithéidí KNEECAP, atá ar cheann de na bannaí ceoil is rathúla i saol na Gaeilge, Dáithí, Clann Mhic Ruairí, An Chéad Ghlúin Eile agus Vigilanti.
Beidh ticéid Sraith 1 ar fáil as seo go dtí Lá Fhéile Pádraig. Tiocfaidh ardú ar phraghas na dticéad i ndiaidh na féile náisiúnta go €65, agus ardú eile ina dhiaidh sin go €80. Níl ach “líon teoranta” ticéad ar fáil i Sraith 1 agus moltar dóibh siúd ar spéis leo an praghas is fearr a fháil ticéad a cheannacht chomh luath agus is féidir.
Tá Féile na Gealaí ar an bhfód le trí bliana anuas agus í ag fás de réir a chéile bliain i ndiaidh bliana. Díoladh gach uile thicéad campála don fhéile mí sular thosaigh sí i mbliana agus bhí an-tóir go deo ar na ticéid lae freisin.
Bíonn idir cheol beo agus imeachtaí eile, ar nós ióga agus ranganna damhsa boilg, ag Féile na Gealaí, chomh maith le himeachtaí do theaghlaigh.
Beidh an t-eolas uilig faoi cheoltóirí agus imeachtaí Fhéile na Gealaí 2019 ar NÓS de réir mar a fhógraítear é, agus, ar ndóigh, beidh NÓS féin ag féile na bliana seo chugainn.