Ticéid ar díol d’Fhéile na Gealaí 2022

Cuireadh na chéad ticéid ar fáil d’Fhéile na Gealaí 2022 ag meán lae inniu. Beidh an t-aon fhéile champála cheoil Ghaeilge ar siúl i Ráth Chairn na Mí ar an 10-12 Meitheamh. Tá na chéad cheoltóirí fógartha ag lucht eagraithe na féile freisin agus tuilleadh fós le fógairt sna míonna amach romhainn.

Ar an ardán mór ag Féile na Gealaí i mbliana beidh Kíla, Jiggy, Sibéal, Clare Sands, Súil Amháin, agus Tuath. Gealltar “neart bannaí, ealaíontóirí agus imeachtaí eile”. Anuas ar imeachtaí ceoil agus ealaíon na féile beidh Lá Teaghlaigh saor in aisce ar siúl idir leabharlann Ráth Chairn agus Páirc Chuimhneacháin Ráth Chairn ar an Satharn.

€80 atá ar thicéad deireadh seachtaine don fhéile (móide táillí a thugann go €86 praghas iomlán an ticéid). Is méadú €15 é sin ar phraghas an ticéid d’Fhéile na Gealaí 2019. Scaoilfear duine a bhfuil ticéad aige isteach chuig imeachtaí na féile agus chuig an láthair champála a bheidh taobh léi. Níl cead ag daoine atá faoi bhun 18 mbliana freastal ar Fhéile na Gealaí, ach beidh saorchead isteach ag páistí agus ag déagóirí má tá caomhnóir nó tuismitheoir atá os cionn 25 bliana leo. Beidh líon teoranta de thicéid lae ar díol i mí na Bealtaine agus beidh pasanna deireadh seachtaine ann do mhuintir Ráth Chairn féin.

Is ar pháirc peile Ráth Chairn a bheidh an fhéile ar siúl agus osclófar geataí na láithreach campála ag 15.00 ar an Aoine. Seo an chéad bhliain ó bhí 2019 a bheidh na Gaeil ag triall ina sluaite ar Ráth Chairn. Cé gur reáchtáladh imeachtaí áirithe ar line le dhá bhliain anuas, cuireadh an fhéile champála ar ceal de dheasca an víris chorónaigh.

Go dtí gur chuir an phaindéim stop tobann leis an bhféile Ghaeltachta, bhí fás rábach uirthi bliain i ndiaidh bliana. Reáchtáladh an fhéile den chéad uair in 2016 agus bhí méadú leanúnach ar líon na ndaoine a d’fhreastail uirthi go dtí 2019, bliain inar osclaíodh láthair bhreise champála le freastal ar an éileamh mór. Díoladh gach uile thicéad campála don fhéile mí sular thosaigh sí an bhliain sin agus bhí an-tóir go deo ar na ticéid lae freisin. 

Beidh an t-eolas uilig faoi cheoltóirí agus imeachtaí Fhéile na Gealaí 2022 ar NÓS de réir mar a fhógraítear é.

SCÉALTA EILE