Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne

Consairtín, comhdháil náisiúnta, Inis, Co. an Chláir, 6-8 Aibreán

Beidh teacht le chéile bliantúil lucht seinnte, leanúna agus díograiseoirí an chonsairtín ar bun an deireadh seachtaine seo i gContae Ceolmhar an Chláir, in Inis le bheith beacht.

I gcaitheamh na laethanta romhainn, beidh ceardlanna, ranganna, siúlóidí staire, coirmeacha agus imeachtaí don dream óg ar siúl. Beidh ceoltóirí aitheanta na huirlise ag tabhairt faoin mbaile; cuirim i gcás, Micheál Ó Raghallaigh, Tim Collins, Pádraig Rynne, agus níl ansin ach blaiseadh beag.

I mbliana chomh maith beidh an banna ceoil Caise páirteach, grúpa ó Cho. an Chláir atá cáilithe do chraobhchomórtas Shiansa Gael Linn, a bheidh ar bun i gceann cúpla seachtain (tuilleadh faoi sin amach anseo ar leathanach seo na n-imeachtaí)!

Anuas air sin ar fad, eolas úsáideach dóibh siúd a bhíonn á sheinm – conas é a shocrú, má bhriseann sé ort! Sea beidh deis ann scileanna praiticiúla a fhoghlaim, ar eagla go dtarlódh aon ní dod uirlis! Spraoi agus foghlaim más ea, geallta ag Consairtín ’18!

Pop Up Gaeltacht (na nÓg), Páirc Mharlaí, Dé Sathairn, 7 Aibreán @ 11:00

Is i rith na seachtaine seo a fógraíodh cá mbeadh Pop Up Gaeltacht an Aibreáin ar siúl ag deireadh na míosa. Is i dtábhairne Toners i mBaile Átha Cliath a bheidh sé ar an 26ú lá, agus táim ag súil leis cheana fhéin! Ní díreach do dhaoine fásta é nós seo na Pop Up Gaeltachta áfach.

Beidh deis ann do dhaoine óga an Satharn beag seo bualadh le chéile le bheith ag labhairt na Gaeilge.

Tá fáilte roimh thuismitheoirí agus a bpáistí teacht le chéile do chupán tae agus bia blasta ag Aonach na bhFeirmeoirí i bPáirc Mharlaí. Ócáid neamhfhoirmiúil atá geallta, ná bí buartha faoi chaighdeán do chuid Gaeilge, is ar mhaithe na hiarrachta atá an t-imeacht.

Ócáidí le John Spillane, an Séipéal Úinitéireach, Faiche Stiabhna, Dé Sathairn, 7 Aibreán @ 15:00; 17:00 agus 19:00

Diail an fear é John Spillane! Beidh sé thar a bheith gnóthach an Satharn beag seo, mar go bhfuil sé le bheith páirteach i dtrí ócáid atá beartaithe don ardchathair! Is iad Born Optimistic, (bornoptimistic.com), dream a bhíonn ag plé le podchraoltaí, comhlacht ceirníní agus ócáidí, atá ag eagrú na n-imeachtaí, a bheidh ar siúl sa Séipéal Úinitéireach ar Fhaiche Stiabhna óna trí a chlog. Beidh an chéad ócáid dírithe ar dhaoine óga, Gig Ógra, mar atá á thabhairt acu air. An LaLaLa Pop-Up Choir na haíonna ceolmhara a bheidh i dteannta John don imeacht a bheidh ar siúl ag a cúig a chlog; agus faoi dheireadh, óna seacht, a bheidh draoi na bhfocal, Stephen James Smith ar aon ardán le Speallaire Chorcaí do choirm dheireanach an lae! Beidh néal codlata tuillte go maith ag John roimh dheireadh na hoíche, treise leis.

Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, ionaid éagsúla timpeall na tíre, 9-26 Aibreán 

Tá Fíbín ag ceiliúradh cúig bliana déag ar an mbóthar – comhghairdeas mór leo, tá obair mhór déanta acu le blianta anuas agus níl stop ar bith leo! Beidh siad ar ardán ag tús na seachtaine seo chugainn le leagan dátheangach den scéal Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne. Beidh aghaidh á thabhairt ag an gcliar ildánach ar Chathair na dTreabh, Corcaigh, an Ardchathair agus Ceatharlach as seo go ceann cúpla seachtain. Beidh leaganacha den seó seo ar siúl do dhaltaí meánscoile sna hionaid atá roghnaithe i rith an lae chomh maith, agus is dírithe ar dhaoine os cionn 12 bliain d’aois atá an leagan áirithe seo den scéal, mar eolas!

Beannaithe i measc na mban a bheidh Seán T. Ó Meallaigh, an t-aon fhear atá sa chliar, timpeallaithe ag Gráinne Bleasdale, Kate Finegan, Liz FitzGibbon, Fionnuala Gygax agus Méabh Ní Chualáin. Mura bhfuil tuiscint chomh maith sin agat ar an teanga, ná bí imníoch, beidh fotheidil Bhéarla le feiscint le linn na léirithe! Snasta!

Amharclann Halla na Cathrach, Gaillimh, 9 & 10 Aibreán;

The Everyman, Corcaigh, 13 Aibreán;

Draíocht, Baile Átha Cliath, 17 & 18 Aibreán;

Visual, Ceatharlach, 26 Aibreán. 

Siamsaíocht ag a Sé, Amharclann Chúirt an Phaoraigh, Déardaoin, 12 Aibreán @ 18:00

Beidh ócáid cheolmhar Gael Linn, Siamsaíocht ag a 6 na míosa seo, ar siúl go rí-luath. Sea, Déardaoin na seachtaine seo chugainn a bheidh na ceoltóirí cumasacha Bernadette Nic Gabhann, a hathair Antóin agus a cairde, Ailbhe Nic Cába agus Fionnuala Donlon i mBaile Átha Cliath, in ionad álainn Amharclann Chúirt an Phaoraigh. Táim siúráilte go mbeidh foinn óna halbam aonair Here to Play, a d’eisigh sí le déanaí le clos le linn an imeachta, mar aon le hamhráin ó Ailbhe. Ócáid thaitneamhach cheoil agus amhránaíochta atá geallta agus beidh fíon, beoir, deochanna boga, tae agus caife ar fáil i rith na coirme! Go hálainn ar fad, slí iontach le scíth a ligint tar éis an lae!

SCÉALTA EILE