Traidphicnic, 6-8 Iúil, an Spidéal, Co. na Gaillimhe
Ní bheidh easpa ceoil ar mhuintir an Spidéil an deireadh seachtaine seo mar go mbeidh féile bhliantúil an cheantair sin, Traidphicnic, ar bun. Is ar an mbaile seo i gConamara a bheidh plúr na gceoltóirí ag bailiú le chéile, ina measc amhránaithe sean-nóis, bannaí céilí, lucht ceolmhar na háite, agus ealaíontóirí chomh maith. Dé Danann, Dolores Keane, Lisa O’Neill, Jimí Ó Ceannabháin agus Mícheál Ó Confhaola díreach cuid de na daoine atá luaite leis na coirmeacha agus seisiúin. Beidh lucht freastail in ann a bheith gafa le ceardlanna, taispeántais éagsúla, siúlóidí agus cúrsaí ceardaíochta chomh maith. Ní bheidh tú díomhaoin más ann a bheidh do thriail…
An Spud Off Mór, Tigh Tábhairne Uí Bheaglaoich, Baile na nGall, Dé Domhnaigh, 8 Iúil óna 16:00
Bíonn féile faoi leith in onóir an Phráta ar siúl i rith an tsamhraidh i gCorca Dhuibhne. An Spud Off Mór an t-ainm atá air, agus tugtar prátaí ó gharraithe/pharóistí na dúthaigh go Baile na nGall, le moltóireacht a dhéanamh orthu! Beidh an chraobh ar siúl Dé Domhnaigh beag seo ar an mbaile. Beidh comórtas eile ar bun, darb teideal Pláta Práta, ina mbíonn ar iomaitheoirí mias a ullmhú leis an bpráta mar phríomh-chomhábhar ann. Is í Karen Coakley, nó an The Kenmare Foodie mar a tugtar uirthi, a bheidh ag tabhairt breithiúnais sa chatagóir sin. Anuas air sin ar fad, beidh comórtas ealaíne do dhaoine óga agus péinteáil aghaidhe ar siúl. Ana-lá geallta don gclann ar fad!
Féile Cheoil Willie Clancy, Sráid na Cathrach, Co. an Chláir 8-15 Iúil ’18
Is mó duine a mhealltar go Sráid na Cathrach, d’Fhéile bhliantúil cheoil Willie Clancy na haon samhradh. Roinneann scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe a léargas féin agus a dtaithí phearsanta go fial i gceardlanna agus léachtaí a bhíonn ar siúl i rith na seachtaine. Bíonn deiseanna ann lucht an cheoil a fheiscint agus iad ag seinnt i seisiúin, i gcoirmeacha, agus fiú ar thaobh na sráide (má bhíonn an aimsir leo)!
Mura mbíonn deis agat freastal ar na himeachtaí, ná bíodh aon bhuairt ort – bí ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar go mbeidh siad ag craoladh ón láthair, ó Dhomhnach go hAoine:
Éirinn is Alba, Dé Domhnaigh, 8 Iúil @ 20:00
Binneas Béil ó Shráid na Cathrach, Luan go hAoine 9-13 Iúil @ 14:00
Ceol Binn ó na Beanna, Luan go Céadaoin 9-11 Iúil @ 19.00
Islander Presents, Turas Ceoil Ye Vagabonds ar Oileáin na hÉireann, 7 Iúil go 11 Lúnasa ’18
Tá beartaithe ag an gcomhlacht ceoil Islander Music sraith ceolchoirmeacha (ceithre cinn ina n-iomláine) a dhéanamh ar oileáin na tíre seo le ceoltóirí faoi leith. Islander Presents teideal na sraithe agus is é an banna ceoil Ye Vagabonds –muintir Mhic Ghloinn, na deartháireacha Diarmuid agus Brían – an chéad dream a bheidh ag tabhairt faoi. Ní leo féin a bheidh siad ach an oiread, mar go mbeidh an déantóir scannán Myles O’Reilly ina dteannta, agus cuntas á choimeád aige ar gach a dtarlaíonn. Táim ag súil le toradh a chuid oibre siúd a fheiscint amach anseo.
Le tamall de bhlianta anuas, tá na leaids ag bailiú amhrán ó áiteanna éagsúla in Éirinn, cuid acu sin ós na hoileáin. Beidh deis acu iad a chur i láthair na bpobal sna háiteanna as a dtáinig siad anois. Tá sé ar intinn acu chomh maith albam leis na hamhráin áirithe sin air a chur le chéile. Albam a mbeidh fáil air roimh dheireadh na bliana.
Smaoineamh álainn dar liom féin – an turas agus a leithéid de dhlúthdhiosca.
Féach thíos dátaí na sraithe!
7 Iúil – Sherkin House, Inis Arcáin;
13 Iúil – Ionad Pobail Chliara, Cliara;
25 Iúil – Halla Naomh Eoin, Inis Meáin;
29 Iúil – Féile Swell, Árainn Mhór;
3 Lúnasa – Club Chléire, Oileán Chléire;
10 Lúnasa – Amharclann Áras Éanna, Inis Oírr
11 Lúnasa – Halla Rónán, Inis Mór