Traidphicnic an Spidéil curtha ar ceal de bharr Covid-19

Ní bheidh an fhéile cheoil Ghaeltachta, Traidphicnic, ar siúl i mbliana “mar gheall ar na treoirlínte a d’eisigh an rialtas” maidir leis an víreas corónach. 

D’fhógair coiste stiúrtha na féile, atá á reáchtáil le beagnach deich mbliana sa Spidéal, ráiteas aréir inár fógraíodh an cinneadh gan dul ar aghaidh leis an bhféile.

“Is oth linn an cinneadh seo a dhéanamh, ach thar aon rud eile, ní mór dúinn tús áite a thabhairt do shláinte agus sábháilteacht gach duine atá bainteach leis an bhféile, agus do shláinte agus sábháilteacht an phobail,” a dúradh sa ráiteas. 

Luadh go mbeadh Traidphicnic ar siúl an samhradh seo chugainn agus ceiliúradh á dhéanamh ar dheich mbliana a bunaithe.

Beidh an coiste ag obair leo i gcaitheamh an tsamhraidh ag iarraidh “lasair Traidphicnic a choinneáil beo i rith an tsamhraidh” trí roinnt imeachtaí ar líne a eagrú. Beidh tuilleadh eolais faoi na himeachtaí seo ar fáil de réir a chéile ar shuíomh na féile agus ar na hardáin éagsúla ar na meáin shóisialta.

SCÉALTA EILE