Bonn Óir Seán Ó Riada, Dé hAoine, 1 Feabhra @ 20:00;
Comhdháil na gCeoltóirí, Dé Sathairn, 2 Feabhra @ 12:00;
Coirm Órdha, Dé Sathairn, 2 Feabhra @ 20:00.
Imeachtaí ar fad in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh
Is ag triail ar Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh a bheidh cuid de na ceoltóirí is cumasaí sa tír an deireadh seachtaine seo, mar gur ann a bhronnfar Bonn Óir Seán Ó Riada. Mar is iondúil timpeall an ama seo den bhliain eagraíonn Peadar Ó Riada comórtas ceoil, ag díriú de ghnáth ar uirlis amháin. An fhidil atá roghnaithe do chomórtas na bliana seo agus 17 duine san iomaíocht anocht, ina measc deartháir agus deirfiúr (Sarah agus Séamus O’Gorman), agus iomaitheoir fiú atá tagtha ó na Stáit Aontaithe.
Craolfar an t-aicsean ar fad beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar leathanach Facebook an stáisiúin. €2,500 atá mar dhuais mar aon leis an mbonn féin! Ní hamháin sin ach ar an Satharn, beidh Comhdháil na gCeoltóirí ar bun óna dó a chlog, imeacht a bheidh cabhrach do cheoltóirí agus a dhíreoidh ar chúrsaí foilsitheoireachta, cearta, deontais, poiblíocht agus a leithéid. Ina dhiaidh sin, déanach sa tráthnóna óna hocht a chlog, cuirfear fáilte arís go Corcaigh roimh chuid acusan a bhuaigh Bonn Óir Seán Ó Riada le blianta beaga anuas, don gCoirm Órdha.
Ar stáitse i mbliana beidh Oisín Morrison (cruit), Tiarnán Ó Duinnchinn (píob), Tim McHugh (feadóg mhór), Úna Ní Fhlannagáin (cruit), Keelan McGrath (bosca), Éanna Ó Cróinín (píobaí) agus Con Houlihan (píob mhór) a bhuaigh Gradam Fhéile na Laoch. Tá súil go mbeidh buaiteoir na bliana seo páirteach sa choirm chomh maith!
Ceardlann Ealaíne, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn, 2 Feabhra @ 12:00
Is minic go mbíonn an deireadh seachtaine leadránach – nuair nach mbíonn pleananna déanta agus dá bharr go mbíonn tú fágtha díomhaoin. Tá a leithéid amhlaidh go háirithe nuair atá leanaí faoi do chúram. Mar sin, bí ar an eolas go bhfuil ceardlann ar siúl an Satharn seo atá in oiriúint do dhaoine óga, sa Chultúrlann i mBéal Feirste. Is uair an chloig de rang ealaíne atá i gceist a thabharfaidh deis dóibh siúd a bheidh i láthair triail a bhaint as modhanna ealaíne faoi stiúir Thríona Walsh, ón gCultúrlann. Timpeallacht spraíúil atá geallta ag an ócáid seo, a choimeádfaidh gnóthach leanaí maidin Shathairn.
‘Post Match Gaeltacht’, Piper’s Corner, Sráid Mhaoil Bhríde, Dé Sathairn, 2 Feabhra @ 21:00
Tá tús curtha le Sraith Peile agus Iomána Allianz, agus cluichí le bheith ar siúl as seo go ceann cúpla seachtain. Ó thaobh na caide de, beidh fir Átha Cliath ag tabhairt aghaidh ar chleas na Gaillimhe Dé Sathairn i bPáirc an Chrócaigh. Caithfear an liathróid isteach ag a seacht, agus má tá ticéad agat, bain súp as! Mura bhfuil áfach, bí ar an eolas faoin ócáid atá eagraithe ag an ngrúpa CLG Átha Cliath Gaeilge atá gníomhach ar Facebook. Teacht le chéile atá i gceist, i dtábhairne an Piper’s Corner do thacadóirí na foirne – Post Match Gaeltacht atá siad ag tabhairt air – Gaeilge agus comhluadar geallta agus fáilte roimh chách!
Anois Teacht an Earraigh – Ceoltóirí Óga Chois Fharraige, Amharclann na Taibhdheirce, Dé Domhnaigh, 3 Feabhra @ 15:00
Chun fáilte a chur roimh thréimhse an earraigh, beidh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag tabhairt faoin ardán in Amharclann na Taibhdheirce do choirm don teaghlach ar fad, chun tréimhse na féile Bríde a cheiliúradh. €12 atá mar tháille ag an doras ach saorchead isteach ag leanaí agus más Bríd an t-ainm baiste atá ort – scaoilfear isteach thú gan faic a íoc – ós rud é gurb í Naomh Bríd atá á comóradh leis an ócáid seo. Is Bríd eile, Bríd Treasa Ní Ghaoithín a bheidh mar bhean an tí ag an ócáid, agus gheobhaidh tú breis eolais, más gá, ach teagmháil a dhéanamh leis an Taibhdhearc féin, eolas@antaibhdhearc.com.
Tráth na gCeist Boird FRIENDS, Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Déardaoin, 7 Feabhra @ 20:00
N’fheadar an mó uair an chloig atá caite agam ag féachaint ar an gclár teilifíse Friends? An iomarca ama déarfainn! Braithim go bhfuil aithne níos fearr curtha agam ar chuid de chliar an chláir, ná mar atá curtha agam ar mo chuid cairde féin! Éireoidh go seoigh liom más ea ag an gcomórtas thráth na gceist boird atá beartaithe don gClub Déardaoin seo chugainn. Is ceisteanna ar fad bunaithe ar an tsraith a bheidh á gcur agus an t-airgead ar fad a bhaileofar ag dul chomh fada leis an gcarthanas Focus Ireland, cúis mhaith. Tá lánchead agat chomh maith gléasadh ar nós duine de na carachtair ón gclár – Ross, Rachel, Phoebe, Monica, Chandler nó Joey – mholfainn gach iarracht a dhéanamh aithris a dhéanamh ar Ugly Naked Guy GOA!