Seoladh EP an cheoltóra Bernadette Morris, Hill of The O’Neill & Ranfurly House, Dún Geanainn, Dé Sathairn, 3 Márta @ 20:00
Tá EP nua ag an gceoltóir Bernadette Morris, dar teideal ‘Where the Heart is’. Ní hamháin go bhfuil Bernadette aitheanta mar cheoltóir cumasach, ach tá blianta caite aici ag obair in earnáil na teilifíse chomh maith agus aithne nach beag uirthi i saol seo na Gaeilge!
Seo an dara EP atá eisithe aici. Siar sa bhliain 2013 a cuireadh ‘All the Ways you Wander’ ar an margadh, le meascán d’amhráin i mBéarla, Gaeilge agus poirt air. Is dírithe ar na hamhráin i mBéarla atá sí leis an saothar nua seo agus stíl agus rian an cheoil tíre (is é sin folk seachas country!) le clos air. Tá an dlúthdhiosca seolta aici in ionaid éagsúla le cúpla seachtain anuas, ach is i nDún Geanainn a bheidh bean Thír Eoghain tráthnóna amárach óna hocht a chlog. Tabharfaidh sí ceardlann amhránaíochta roimh ré, óna ceathair a chlog! Gach eolas ach cuairt a thabhairt ar: dungannon.ticketsolve.com
The Night Before Larry Got Stretched, The Cobblestone, Dé Domhnaigh, 4 Márta @ 21:00
‘The Night Before Larry Got Stretched’ an t-ainm atá ar oíche amhránaíochta agus airneáin a bhíonn ar siúl i dtigh tábhairne an Cobblestone, i Margadh na Feirme. Is ar an gcéad Domhnach den mhí a bhíonn a leithéid ar siúl, ócáid shóisialta a eagraíonn grúpa amhránaithe. Cuirfear fáilte mhór roimh Aodán Ó Ceallaigh ag imeacht an deireadh seachtaine seo, mar gurb é a bheidh mar aoi na hoíche. Tá cur amach maith ar Aodán agus ar an mbua atá aige ó thaobh na hamhránaíochta de, go deimhin tá aitheantas fachta aige ón Oireachtas le tamall de bhlianta anuas, agus cloistear go minic é i mbun iomaíochta ag Corn Uí Riada. Gealltar go mbeidh cathaoir agus ceapaire dóibh siúd a thagann luath chuig an ócáid, a thosóidh timpeall a naoi a chlog istoíche. Slí mhaith le ruaig a chur ar ghormacha an Domhnaigh!
Chats le CaoimheChats, Seomra L247, Scoil Dlí Sutherland, an Coláiste Ollscoile, BÁC; Dé Céadaoin, 7 Márta @ 19:00
Labharfaidh Caoimhe Ní Chathail, nó ‘CaoimheChats’ mar a tugtar uirthi ó am go ham, faoin ngairm i saol na hiriseoireachta i gcaitheamh na seachtaine seo chugainn. Is sa Choláiste Ollscoile a bheidh sí ag tabhairt a cuid cainte ar an gCéadaoin, agus í ag labhairt faoina taithí in RTÉ, TG4 agus le Meon Eile. Beidh cur síos aici chomh maith ar a cuid oideachais agus an chéim a bhain sí amach, mar aon le húsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta!
Tabhair cluais di, óna seacht a chlog; agus má bhíonn tú ann, glac pic agus seol chugainn é @nosmag
Tráth na gCeist, bunaithe ar F.R.I.E.N.D.S! Club Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, Dé Céadaoin, 7 Márta @ 20:00
An mó deirfiúr atá ag Rachel? Cén t-ainm a bhí ar mhoncaí Ross? Cén jab a bhí ag Chandler Bing? Sin cuid de na ceisteanna, gach seans, a thiocfaidh aníos ag Tráth na gCeist atá á eagrú do Chlub Chonradh na Gaeilge Dé Céadaoin seo chugainn.
Is dírithe ar an tsraith cháiliúil Friends a bheidh na ceisteanna ar fad, smaoineamh iontach dar liom féin! Chuaigh na cláracha go mór i bhfeidhm orm le linn mo dhéaga, agus déarfainn nach mé an t-aon duine de léitheoirí NÓS gur tharla amhlaidh dóibh. Gan dabht tá an tsraith anois le fáil ar Netflix agus beidh glúin nua eile ar fad in ann a bheith sáite go dlúth i saol na gCairde as seo amach! Tugtar cuireadh dóibh siúd a bheidh i láthair gléasadh ar nós na gcarachtar, más mian leo é! €10 in aghaidh an bhoird agus tá cead ag ceathrar a bheith ar gach bord! Is mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge atá an ócáid seo á heagrú!
Lá Idirnáisiúnta na mBan, Teach an Ard-Mhéara, 8 Márta @ 19:00
Cormac ag a Cúig, Teach an Ard-Mhéara, 8 Márta @ 17:00
Bhíos i láthair i dTigh an Ard-Mhéara anuraidh d’fhéasta filíochta agus scéalaíochta, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Táim, dá bharr sin, ag súil go mór le héagsúlacht na bliana seo a chlos.
Baileoidh scata ban a bhfuil bua na litríochta acu san ionad ársa seo ar Shráid Dhásain, chun a gcuid saothar a chur i láthair an phobail. Léifidh leithéidí Mháire Dinny Wren, Anna Heussaff, Áine Ní Ghlinn agus Chaitríona Ní Chléirchín; mar aon le glúin nua filí agus scríbhneoirí! Cuirim i gcás Dáire Ní Chanáin agus Milène Fegan, beirt a thug leo duaiseanna ag comórtas Slam Filíochta na Féile Liú Lúnasa an samhradh seo caite! Níl ansin ach blaiseadh beag díobh siúd a bheidh i láthair, tabharfaidh go leor eile faoi bharr an tseomra, ag léamh don slua.
Tá spás teoranta ann, mar sin, más áil leat a bheith i láthair, ní mór duit nóta a sheoladh chuig: mnaidirnaisiunta2018@gmail.com
Dála an scéil, beidh an clár nuachta agus cúrsaí reatha Cormac ag a Cúig ag craoladh beo ar Raidió na Gaeltachta ón láthair chomh maith. Beidh méid áirithe daoine sa lucht féachana agus dá mba mhaith leat a bheith ar dhuine acusan, seol teachtaireacht chucu ag: Cormac5@rte.ie