Tráth na gCeist Gaeilge agus Gàidhlig á reáchtáil ar líne ag Colmcille anocht

Beidh tráth na gceist dátheangach á reachtáil i nGaeilge agus i nGàidhlig anocht ar leathanach Facebook na scéime Colmcille. 

“Tugann cainteoirí Gàidhlig Gaeil orthu féin mar a thugann muidinne Gaeil orainn féin. Tá sé tábhachtach go n-aithníonn muid gur teaghlach mór amháin muid agus go mbíonn muid ag obair le chéile mar Ghaeil,” a dúirt Aodán Ó Cearbhaill, a bheidh ina ‘co-ósta’ ar thráth na gceist na hoíche anocht.

Ghlac Aodán páirt i scéim a bhí maoinithe ag Foras na Gaeilge le taisteal go hAlbain agus an Ghàidhlig a fhoghlaim sula ndeachaigh sé go hAlbain Nua i gCeanada ar an scéim teagaisc ICUF. 

“Bhí a fhios agam go raibh béim ar Ghàidhlig na hAlban ansin, mar sin shíl mé gur chóir dom blaiseadh a fháil di agus iarracht a dhéanamh an teanga a fhoghlaim. Tá sé dochreidte an oiread cosúlachtaí is atá ann idir Gaeilge Uladh agus an Ghàidlig go háirithe,” a dúirt sé.

Beidh an eagraíocht Colmcille ag ceiliúradh 1,500 bliain ó rugadh Colmcille naofa ag deireadh na bliana, chomh maith leis an nasc láidir a bhí aige le hÉirinn agus Albain araon. Le linn na bliana seo chugainn, reáchtálfar go leor imeachtaí eile leis an naomh a cheiliúradh, ina measc cluichí camánaíochta agus ceolchoirmeacha ó cheoltóirí ón dá thír. 

Beidh tráth na gceist beo ar Facebook Colmcille anocht ag 20.00, agus beidh Aodán agus Eoghan Stiúbhart ag léamh na gceist i nGaeilge agus i nGàidhlig.

SCÉALTA EILE