Tuatha Dé Danann 1: A nAinm

Dar le miotaseolaíocht na hÉireann, nó an tuiscint atá againn uirthi sá lá atá inniu ann, is déithe iad na Tuatha Dé Danann a raibh cónaí orthu in Éirinn roimh theacht na nGael. Pléitear iad i roinn dar teideal Gods and Fighting Men sa leabhar chlúiteach Lady Gregory’s Complete Irish Mythology. Is cirte a rá, ámh (agus seo an focal a úsáidtear go minic sa lá atá inniu ann) gur ‘immortals’ iad. Is léir nach dtagann aois orthu agus tá cumhachtaí osnádúrtha acu (rud a chuirfeadh dia de shaghas in iúl duit) ach is léir ó na scéalta atá againn gur féidir iad a ghortú agus a mharú (neamhchosúil le déithe). Mar sin de, is cine osnádúrtha cumhachtach iad a tháinig go hÉirinn roimh theacht na nGael. Tá sé ráite go bhfuil siad anseo linn go fóill i bhfoirm na ndaoine maithe (.i. na sióga).

Sa tsraith seo, pléifidh mé Tuatha Dé Danann, an chiall atá lena n-ainm, na móreachtraí a bhaineann leo, na hairm agus na huirlisí ba chlúití a bhí acu, an áit as ar tháinig siad mar aon leis an áit a bhfuil siad anois, chomh maith le cuntas ar chuid de bhaill an tsárghrúpa seo agus a dtionchar ar litríocht na tíre (idir Ghaeilge agus Bhéarla). Mar sin de, an plean atá agam ná roinnt alt a scríobh sna míonna romhainn chun rud beag eolais a chur ar fáil don léitheoir ghinearálta mar gheall ar Thuatha Dé Danann agus a ghabhann leo. 

Is fiú an t-ainm a phlé ar dtús. Níl sé ró-dheacair an focal ‘tuath’ a thuiscint, é cosúil leis an fhocal ‘pobal’ nó rud mar sin. ‘Tuatha’ an fhoirm den fhocal san ainmneach iolra. Sin an deireadh leis an phíosa nach casta, faraor.

Is cuid measartha nua den ainm a chuireann muid orthu é an tríú focal sin ‘Danann’. Sna téacsanna Sean-Ghaeilge, is é ‘túath dé’ nó ‘túatha dé’ an rud ba choitianta. Rud beag níos mó ná míle bliain ó shin (‘measartha nua’ a scríobh mé) a fheiceann muid ‘Túatha Dé Donand’ (nó ‘Domnann’) ag teacht isteach agus thart fá 1200 AD a dhéantar ‘Túatha Dé Danann’ as sin. Ní nós linn sa lá atá inniu ann ‘tuath’ a litriú le fada, dar ndóigh. 

Moltar go raibh an mhír ag an deireadh de dhíth chun na déithe Págánacha seo a scaradh ón Chríostaíocht. Chuir manaigh Éireannacha ‘tuath Dé’ ar na Giúdaigh sa Bhíobla agus, chun na ‘immortals’ seo a scarú agus a chaitheamh isteach san aimsir chaite, cuireadh ‘Donand’ leo agus ní bhaineann siad leis an Dia Chríostaí a thuilleadh ach le Dia Págánach eile. Níl sé ró-shoiléir cé hí an ‘Danann’ seo, ámh.

Chun sin a fhiosrú, ba mheancóg uaim é san abairt dheireanach ‘Danann’ a scríobh. Is cosúil gurb í sin an tuiseal ginideach agus gurb é ‘Dana’ nó ‘Danu’ (nó ‘Anu’) an rud a bheadh ann sa tuiseal ainmneach. Tá foclaí áirithe a chríochnaíonn ar ghuta lena gcuireann muid ‘n’ chun iad a chur sa ghinideach (mar atá ‘ionga’ ag athrú go ‘iongan’ nó ‘Éire’ go ‘Éireann’) agus creidtear gur sin an cás anseo.

Tá ‘Anu’ luaite in Sanas Cormaic (mhair an Cormac lena bhfuil an ghluais seo luaite idir 831-908 AD), áit ina luaitear gur máthair na ndéithe í. Tá seans ann go bhfuil an bandia seo ceangailte leis an bhandia Dôn atá luaite in Mabinogion na Breataine Bige. Tá bandia Hiondúise Dānu, luaite sna Veda, as a bhfuil go leor ainmneacha ar fud na hEorpa (an Danube ar cheann acu) ainmnithe.

Agus seo uilig san áireamh, bheadh sé an-fhurasta do dhuine é féin a chailliúint i gcomhstair (nó i gcomh-mhiotaseolaíocht) fhileata ach tá baol ann i gcónaí nach bhfuil bunús ar bith leis seo thuas. Mhol an scoláire J.T. Koch, má dhéanann muid iarracht iad a cheangailt tríd an fhoghraíocht, nach dtig le ‘Danu’ agus ‘Dôn’ a bheith ceangailte.

Tá an focal ‘dán’ ann, dar ndóigh, agus is féidir gurb é ‘bua’ nó ‘ceird’ atá i gceist agus seans gur thug cúpla duine agaibh fá deara nach bhfuil ‘donann’ nó ‘domnann’ an-neamhchosúil le ‘domhan’. Chuir Tírechan (easpag as Maigh Eo sa tseachtú haois) ‘dei terreni’ (‘déithe domhanda’) ar an lucht sí. Luaigh mé níos luaithe go raibh an creideamh ann go bhfuil na Tuatha seo linn go fóill i bhfoirm an tslua sí. Tá seans ann (b’fhéidir) go bhfuil an dá rud sin ag teacht le chéile.

Cibé ainm atá orthu, agus cibé áit as a dtagann an t-ainm, tá scéalta suimiúla ag gabháil leo agus, anois agus an t-ainm as an bhealach, díreoidh muid air sin sna seachtainí romhainn. 

SCÉALTA EILE