Tuige a bhfuil an Laidin ina hábhar conspóide san Eaglais Chaitliceach?

Ag an Aifreann canta Laidine, tugtar tús áite don chantaireacht Ghreagórach, sean-nós na hEaglaise Caitlicí, agus baintear úsáid as an túis agus as gnásanna traidisiúnta eile chun aigne an phobail a ardú i dtreo na bhflaitheas. 

Bíonn leabhair dhátheangacha Aifrinn ann dóibh siúd nach bhfuil an Laidin acu. Teanga rúndiamhrach is ea an Laidin, rud a mheabhraíonn rúndiamhra an Chreidimh féin agus a chruthaíonn atmaisféar neamhshaolta, sollúnta a oireann don urnaí agus don mhachnamh. 

Ach ábhar conspóide atá sa ghnás Laidineach san Eaglais, faraor géar. Tá ordú tugtha ag an easpag Antonio Napolioni i dtuaisceart na hIodáile do shagart éirí as an Aifreann a rá i Laidin ina dheoise tar éis don liotáirge traidisiúnta go leor daoine óga a mhealladh. 

Údar imris agus eastaontais atá sa Laidin, a deir an t-easpag: deir sé go bhfuil pobal creidimh an deoise á scoilteadh ag an Aifreann Laidineach, agus is cosúil go samhlaíonn sé mioscais agus drochrún leo siúd atá á hiarraidh. Agus ní haon rud as an ngnách é naimhneas an easpaig seo i leith an Aifrinn Laidinigh i measc cheannairí na hEaglaise – chuir ardmháistir Oird Mhálta cosc ar an Aifreann Laidineach laistigh dá ord ar na mallaibh freisin.

Chun an meon diúltach seo i leith an Aifrinn Laidinigh a thuiscint i gceart is gá scéal na Laidine san Eaglais a rianú siar.

Ar ndóigh, is cuid d’oidhreacht chultúrtha agus theangeolaíoch na hEaglaise í an Laidin, teanga shollúnta naofa a sheas an fód sa liotáirge le hos cionn 1,500 bliain. Ach sna 1960idí, bheartaigh ceannairí na hEaglaise ar theangacha an phobail – Béarla, Spáinnis, Fraincis, srl. – a chur in áit na Laidine ar mhaithe le ‘haer úr’ a scaoileadh isteach san Eaglais. Síleadh gur iarsma seanchaite a bhí sa Laidin gur ghá a dhíbirt chun cruth fáiltiúil, nua-aimseartha a chur ar an Eaglais agus pobail chreidimh eile – Protastúnaigh go mór mór – a mhealladh agus a chur ar a suaimhneas. 

Ar feadh na mblianta fada ina dhiaidh sin, ceist achrannach a bhí i ngnás na Laidine toisc gur cheap sciar maith den phobal creidimh gur botún ollmhór a bhí ann fáil réidh le teanga ársa na hEaglaise. Ach as sin amach samhlaíodh an Laidin le grúpaí coimeádacha nár ghlac le leasuithe nua-aimseartha na hEaglaise. 

Bhí débhríochas ann maidir lena stádas ach ba é rún thromlach na n-easpag é a chur ar ceal. Ceapadh gur rud corr a bhí ann nár bhain ach le cumainn chantalacha sagart a chloígh go ródhocht leis an traidisiún.

Tá athrú áirithe tagtha ar an scéal ó 2007 i leith, áfach, ón uair a d’fhoilsigh an Pápa Benedict motu proprio (forógra) inar thug sé faomhadh oifigiúil don Aifreann Laidine agus é mar aidhm aige an col a bhaint de, é ag rá gur rud beannaithe agus uasal é a a bhfuil sochar spioradálta ag baint leis agus nár cheart go mbeadh aon naimhdeas ina leith. Tá athbheochan tagtha ar an Aifreann Laidine ó shin i leith, agus méadú mór tagtha ar líon na ndeoisí ina bhfuil sé ar fáil, agus fás agus forbairt tagtha ar chumainn sagart a chloíonn leis.

 Go deimhin, tá paróistí an Aifrinn Laidine ag bláthú agus go leor daoine óga ag triall orthu, a fhad is atá na ‘gnáthpharóistí’ eile ag dul i léig toisc gur daoine scothaosta is mó a bhíonn ag freastal orthu. 

Cén fáth a bhfuil borradh chomh mór sin ar an Aifreann Laidine, mar sin? Ar bhealach, ní haon ionadh é: níltear ach ag filleadh ar dhúchas na hEaglaise – ba í an Laidin teanga na hEaglaise leis na cianta cairbreacha agus gach seans nach mbeidh sa tréimhse 50 bliain atá imithe tharainn ach cor i scéal na hEaglaise amach anseo nuair a bheidh an Laidin i réim arís i ngach áit mar theanga an liotúirge. 

Níl aon ghanntannas sagart ar na cumainn thraidisiúnta sagart a chloíonn leis an Aifreann Laidineach: timpeall ar 20% de na sagairt a oirnítear sa Fhrainc gach bliain, baineann siad leis na hoird thraidisiúnta, áit a bhfuil an Caitliceachas traidisiúnta an-láidir ar fad ina measc siúd a chleachtann an creideamh go fóill. Tá rud éigin spreagúil, údarásach faoin deasghnáth Laidine agus faoi na traidisiúin a shíolraíonn as atá ag mealladh fir óga ina treo, is cosúil.

Ach faoi mar is léir ón gconspóid faoin Aifreann Laidineach san Iodáil agus in áiteanna eile, tá mórán easpag ann go fóill a bhfuil doicheall acu ina leith toisc go samhlaíonn siad é leis an tseanaimsearthacht agus le ‘drochlaethanta’ na hEaglaise sular tugadh leasuithe nua-aoiseacha isteach.

Is mór an trua é gur ábhar aighnis é an t-Aifreann Laidine agus go bhfuil sé á bhac go fóill ar chreidmhigh: is seoid é de chuid na hEaglaise, é ina bhealach chomh sollúnta agus chomh hurramach sin chun glóir a thabhairt do Dhia. 

Ní gá a bheith i do chreidmheach chun tréigean na Laidine san Eaglais a chaoineadh. Nuair a bhí an t-Aifreann Laidine á chur faoi chois sna 1970idí, chuir scata cáiliúil scríbhneoirí ón mBreatain achainí chuig an bPápa ag iarraidh air cead a thabhairt do shagairt cloí leis an ngnás Laidine chun freastal ar an bpobal creidimh a bhí á iarraidh. Luaitear san achainí an tábhacht chultúrtha, stairiúil agus ealaíonta a bhaineann leis liotúirge Laidine. Ina measc siúd a shínigh é bhí pearsa móra i sochaí na Breataine nár Chaitlicigh iad – Agatha Christie, cuir i gcás, údar na n-úrscéalta bleachtaireachta, agus beirt Easpag ón Eaglais Anglacánach.