Tús á chur le féile dhigiteach Cúirt ag Ciara Ní É inniu

Cuirfidh an file Gaeilge Ciara Ní tús leis an bhféile idirnáisiúnta litríochta ‘Cúirt’ tráthnóna, féile a bheidh á reáchtáil go digiteach den chéad uair mar gheall ar phaindéim an víris chorónaigh. Beidh Ciara ag léamh a cuid filíochta Gaeilge beo ar líne ag 13.00 inniu, in éineacht le filí ón mBreatain Bheag agus ó Albain. 

Tá Ciara ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) i láthair na huaire agus tá taithí mhaith aici cheana féin ar an saol digiteach. Tá roinnt mhaith ‘físdánta’ cumtha aici agus curtha amach ar a leathanach YouTube, MiseCiara, chomh maith le sraith físeán faoin nGaeilge féin dar theideal What The Focal? 

Ó fógraíodh géarchéim an víris chorónaigh ina paindéim an mhí seo caite, tá físeáin curtha amach ag Ciara ar an gcainéal YouTube in áit na léachtaí a bheadh á dtabhairt aici do mhic léinn DCU dá mbeadh an saol ina cheart. 

Inniu idir 13.00 agus 14.00 a bheidh an seisiún filíochta ar siúl, agus beidh an eagraíocht Mothertongues ag sruthú na imeachta beo ar a suíomh. Beidh Ifor ap Glyn agus Pàdraig MacAoidh ag léamh a gcuid filíochta i mBreatnais agus i nGàidhlg faoi sceach, agus beidh fotheidil Bhéarla á gcur leis an sruthú beo. 

Tá athruithe móra tagtha ar chlár na féile Cúirt i mbliana mar gheall ar na srianta diana a tugadh isteach le dul i ngleic le scaipeadh an víris, srianta a chuireann cosc ar shluaite daoine a bheith ag teacht le chéile. Beidh an fhéile á reáchtáil go digiteach ón lá inniu go dtí Dé Sathairn agus 11 imeacht ar an gclár nua. Tá scríbhneoirí eile le Gaeilge le páirt a ghlacadh ann, ina measc Gemma Bhreathnach, Darach Ó Scolaí, Bridget Bhreathnach agus Ógie Ó Céilleachair. 

Tá clár iomlán na féile le feiceáil ar shuíomh Cúirt agus beidh na himeachtaí uilig á gcur ar fáil saor in aisce, cé go n-iarrtar tabhartas a thabhairt más féidir. 

SCÉALTA EILE