Tús curtha le hathchóiriú Chlub an Chonartha

Tá tús curtha leis an obair athchóirithe atá le déanamh ar Chlub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus an sprioc tiomsaithe airgid beagnach sáraithe ag an gcoiste. Seoladh an leathanach GoFundMe an mhí seo caite agus sprioc €10,000 luaite leis. 

Tá an méid sin beagnach bailithe anois agus obair ar an bpub lánGhaeilge ar siúl cheana féin. Bhí an Club dúnta aréir agus an t-urlár nua á leagan ann. 

Bhí an club “i ndroch-chaoi”, dar le rúnaí Choiste Chlub Chonradh na Gaeilge, Deirdre Ní Chearra  agus caithfear an €10,000 a bailíodh le mí go leith anuas ar athchóiriú mór. Anuas ar urlár nua, tá obair le déanamh ar an tsíleáil, atá ag titim as a chéile le tamall de bhlianta, ar na fuinneoga tosaigh, agus ar an ‘gclós gréine’ atá ar chúl an tí . 

Ó fógraíodh go raibh an Club i mbaol a dhúnta ag deireadh na bliana seo caite, tá borradh nua tagtha faoi imeachtaí ann le tamall de mhíonna anuas, agus an coiste nua ar a ndícheall an Club a athbheochan mar lárionad sóisialta do chainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath. 

I measc na n-imeachtaí a reáchtáladh ann le cúpla seachtain anuas, bhí cúpla Tráth na gCeist, ‘Péinteáil agus Piontaí’, ‘Raveoibre’, agus babhta ‘Speed Chairdeas’. Tá roinnt mhaith imeachtaí eile beartaithe ag an gcoiste do na seachtainí amach romhainn freisin, Céilí Mór do Sheachtain na Gaeilge agus seo grinn de chuid GhaelGÁIRÍ ina measc. 

“Tá Club Chonradh na Gaeilge ann mar spás sóisialta na nGael i mBaile Átha Cliath ó 1969 i leith. Is ionad cultúir é a bhfuil oidhreacht agus stair faoi leith aige. Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh sé ar mar “bhaile” do na Gaeil ar feadh na mblianta fada romhainn,” a deirtear ar an leathanach GoFundMe. 

Nochtadh na pleananna deisiúcháin don phobal ag ócáid tiomsaithe airgid sa gClub an mhí seo caite, agus táthar cinnte anois, agus an t-airgead bailithe, go mbeifear in ann na  pleananna sin a chur i bhfeidhm. 

“Táimid ag iarraidh ar gach grúpa a bhain leas as an gClub sna blianta a d’imigh tharainn teacht ar ais agus a bheith le chéile d’aon oíche amháin. Táimid  ag súil le scéalta a chloisteáil ó iarchustaiméirí, ó ghrúpaí a bhíonn á úsáid i láthair na huaire,  agus ó an-chuid eile,” a dúirt Deirdre Ní Chearra.

SCÉALTA EILE