Cuirfear tús anocht ag 20.00 le Scoil Cheoil an Earraigh 2023 i gCorca Dhuibhne. Is i dTigh Bhric a chuirfidh Noeilí Ó Maoileoin tús oifigiúil leis an bhféile Ghaeltachta agus beidh Sláine Ní Chathalláin an tí seo agus Seosamh Ó Críodáin, sár-amhránaithe beirt, i láthair le fáilte a chur roimh lucht freastail na féile.
Beidh imeachtaí ar siúl ar fud Chorca Dhuibhne as seo go dtí Dé Domhnaigh – idir cheolchoirmeacha, cheardlanna, sheisiúin ceoil, ranganna, chainteanna agus tuilleadh nach iad. Oíche Dé hAoine a bheidh Ceolchoirm Mhór na féile ar siúl i Halla na Feothanaí agus na ceoltóirí aitheanta Liam Mac Congáil, Dónal O’Connor, Cárthach Mac Craith, Colm Murphy, Jimmy O’Brien Moran, Doireann Ní Ghlacáin, Caoimhín Ó Fearghail, Edel Fox, agus grúpa ceoltóirí as an Eastóin ar an ardán.
Oíche Dé Sathairn beidh ceolchoirm mhór eile ann agus beidh Clann Shéamuis Uí Bheaglaoich, a bhásaigh le deireanas, ar an ardán chomh maith le Séamus Hyland, Clíodhna Costello, Andrea Palandri, Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta, Kathleen MacInnes, Caoimhín Ó Fearghail, Jamie MacDonald, agus Caoimhe Ní Chiobháin.
Déardaoin, ag 15.00 in Óstán Cheann Sibéal, cuirfidh déagóirí ó cheantair Ghaeltachta na hÉireann agus daoine óga as an Úcráin ceol agus amhráin a bhaineann lena gceantar dúchais i láthair na lucht éisteachta.
Beidh ranganna Gaeilge agus Gàidhlig ann le Toose Mac Gearailt agus le hAillean Domhnallach, chomh maith le ceardlanna agus ranganna máistreachta ceoil le ceoltóirí as Albain agus as an Eastóin.
Beidh dhá imeacht amuigh faoin aer ann chomh maith – ‘Snámh agus Seisiún’ i mBaile na nGall Dé Domhnaigh ag 14.00 agus Siúlóid Chultúrtha le Mícheál Ó Mainín ag Cuas an Bhodaigh Dé Sathairn ag 13.45.
Tabharfaidh Kyle Macaulay caint uaidh Dé hAoine ag 15.00 faoi obair Thaisce Ceoil Dúchais Éireann ar Cheol Chorca Dhuibhne agus seolfar léarscáil nua idirghníomhach de cheol na háite in Áras Bhréanainn. Beidh an Dr Pádraig Ó Héalaí i láthair an lá dar gcionn ag 14.00 agus léacht á thabhairt uaidh aige ar chúrsaí béaloidis sa leithinis.
Tá clár iomlán na féile anseo: