‘Yn Chruinnaght’ faoi lánseol i Manainn

Tá an fhéile Mhanannach ‘Yn Chruinnaght’ (An Cruinniú) faoi lánseol ar Oileán Mhanann an tseachtain seo.

Le 45 bliana anuas tá an fhéile á reáchtáil i mí Iúil agus é de sprioc ag lucht a heagraithe cultúr Gaelach Mhanann – idir an ceol, an teanga, an damhsa agus traidisiúin eile an oileáin – a cheiliúradh in éineacht le cairde ó na tíortha Ceilteacha eile.

Is é Purt ny h-Inshey – nó Peel, baile beag ar an gcósta thiar – príomh-mhol na féile, agus tá roinnt ócáidí ag titim amach in áiteanna eile ar an oileán chomh maith.

Cuireadh tús leis na himeachtaí Dé Luain agus leanfaidh an spraoi ar aghaidh go dtí an Domhnach (30 Iúil).

I measc na gceoltóirí a bheidh ar ardán sna laethanta beaga amach romhainn tá an tAlbanach aitheanta Karine Polwart, an t-amhránaí Manainnise Ruth Keggin, an cruitire Rachel Hair, agus an banna clúiteach Éireannach, Dervish, a bheidh i mbun cheolchoirm mhór na féile oíche Dé Sathairn.

Lena chois sin tá liosta fada de sheisiúin agus de cheardlanna beartaithe don tseachtain, agus Dé hAoine beidh an ‘Mega Manx Ceili’ ar siúl le Cat’s Claw Ceili Band na Breataine Bige ag spreagadh an tslua.

Tá béim nach beag ar Ghaeilge Mhanann le linn Yn Chruinnaght ar ndóigh agus beidh preab-Ghaeltacht Mhanainnise ann, is é sin ‘Pobble Pop-up Manx Gaeltagh’, san ionad Thie Vanannan (Tigh Mhanannáin) maidin amárach, mar aon le siúlóid treoraithe trí mheán na Gaelg i mBalley Keeill Eoin (St. John’s) Dé Sathairn.

Ag an am céanna leis an bhféile tá Scoill Souree (Scoil Samhraidh) ann gach maidin le linn na seachtaine, agus is dea-chomhartha é gur díoladh amach na ranganna ar fad i mbliana.

Os a chionn sin ar fad beidh Gaeilge s’againn féin le cloisteáil ar an oileán chomh maith mar go mbeidh an scannán buach, ‘An Cailín Ciúin’, ar taispeáint i bPurt ny h-Inshey ar 19:15 anocht.

Tá tinreamh maith ar na hócáidí a bhí ann go dtí seo agus táthar ag súil le hatmaisféar níos beoga arís agus sinn ag dul i dtreo an deireadh seachtaine. Is féidir breathnú ar an gclár iomlán anseo.

Mura mbíonn deis agat freastal ar fhéile na bliana seo, seans go mbeidh spéis agat in ‘Cooish’, féile atá dírithe ar an Manainnis agus a bheidh ar siúl i mí na Samhna, agus is iad 22-28 Iúil 2024 na dátaí atá fógartha do Yn Chruinnaght na bliana seo chugainn.

Aigh vie ort!

SCÉALTA EILE