Ag gcreideann tú in athéirí na Gaeilge?

Bhuel tá NÓS ar ais ar an bhfód agus beagnach gach cóip den chéad eagrán athsheolta imithe faoin am seo – go raibh maith agaibh!

Tá muid an-sásta leis an aisfhreagra arís agus go bhfuil neart Nósadóirí amuigh ansin a chreideann sa tionscadal atá muid ag iarraidh a chur i gcrích.

Beidh an chéad eagrán eile ar fáil go luath – tá an clúdach le feiceáil anseo ar clé – ach idir an dá linn ba mhian linn a fhógairt gur mhaith linn cur le líon na ndaoine atá páirteach san iris.

De réir mar a fhásann NÓS ní mór dár bhfoireann agus dár bpobal rannpháirtithe fás chomh maith mar sin tá muid ag tabhairt cuireadh do dhaoine a bhfuil suim acu san fhís atá againn, agus a chreideann go bhfuil meáin chomaimseartha ardchaighdeáin de dhíth ar an nGaeilge, teagmháil a dhéanamh linn ar eolas@nosmag.com

Is post é ceann amháin de na róil, le tuarastal páirtaimseartha ag dul leis, agus is é atá i gceist leis na róil eile ná d’ainm a chur i measc na ndaoine gníomhacha tiománta a chuireann ábhar scríofa nó íomhánna ar fáil don iris ar bhonn rialta nó a chuireann NÓS chun tosaigh ar bhealaí eile.

Mar sin, join the Gaelic Resurgence! Bígí linn!

– RÉABHLÓIDÍ ILCHUMASACH – POST ÍOCTHA

Tá duine fuinniúil samhlaíoch ag teastáil chun cabhrú leis an iris forbairt sa tréimhse amach romhainn. Bheadh an té seo bainteach le gach gné den tionscadal ceannródaíoch ach le freagracht ar leith as margaíocht agus cur chun cinn an fhoilseacháin.

Is post páirtaimseartha é seo atá lonnaithe i mBéal Feirste go príomha ach le féidearthacht ann aistriú go Baile Átha Cliath tar éis tamaill.

Má tá suim agat ann, má tá Gaeilge ar ardchaighdeán agat agus má tá paisean agat do na meáin Ghaeilge, déan teagmháil linn roimh 20 Iúil 2012.

– BAILL ARM NÓS – POIST DEONACHA

Tá NÓS beo mar gheall ar na daoine díograiseacha sin a chuidíonn leis an iris ar bhonn deonach mí i ndiaidh míosa. Tá buiséad teoranta againn agus gan an obair thábhachtach seo ní bheadh muid ar an bhfód.

Chun iris mhíosúil den scoth a chur amach inár dteanga féin tá scríbhneoirí, grianghrafadóirí, smaointeoirí, lucht bolscaireachta agus tuilleadh ag teastáil…

Má thaitníonn NÓS leat agus má cheapann tú gur féidir leat cabhrú linn in aon bhealach, gabh i dteagmháil linn in am ar bith!

SCÉALTA EILE