Ar mhaith leat dul go Electric Picnic?
Comórtas mór an tsamhraidh


Beidh na sluaite ag tarraingt ar an Sráidbhaile, Co. Laoise, 30 Lúnasa – 1 Meán Fómhair le haghaidh na sárfhéile ceoil Electric Picnic, agus d’fhéadfá féin bheith ina measc!
Cad atá le déanamh agaibh le bheith san iomaíocht don duais iontach seo?Tá Nós ag reáchtáil comórtais i mbliana i gcomhpháirt leis ‘An Puball Gaeilge’ agus tá dhá thicéad deireadh seachtaine le buachaint ag duine amháin.

Bhuel tá muid ag iarraidh oraibh grianghraf suimiúil a ghlacadh díbh féin agus sibh ag léamh NÓS in áit ar leith. Cuir NÓS chun cinn sa phobal agus glac pic de!

D’fhéadfadh sibh bheith i lár Shráid Graffton, ar bharr Chorrán Tuathail nó ar bhád sa Chairib.

Ansin níl le déanamh ach an grianghraf a uaslódáil ar leathanach Facebook NÓS nó é a sheoladh chugainn ar Twitter nó é a chur chuig comortas@nosmag.com

Roghnófar buaiteoir amháin as na hiontrálacha ar fad a chuirtear chugainn roimh 16 Lúnasa.

Ádh mór!