Breithlá NÓS & Eagrán 8

Nuair a cuireadh an chéad eagrán den iris seo ar líne ar 17 Márta 2008, ní raibh a fhios againn cad é a bhí i ndán don togra.

An meallfaí na léitheoirí? An bhfanfadh na scríbhneoirí? Cén chuma a bheadh ar NÓS i gceann bliana?

Bhuel 12 mí ar aghaidh tá áthas orainn a rá gur cruthaíodh pobal léitheoireachta (agus é ag méadú i gcónaí), gur cuireadh leis an fhoireann agus go bhfuil cuma bhreá ar an iris (cé go ndeir muid féin é!).

Chun ár gcéad bhreithlá seo a cheiliúradh tá eagrán eile clóite réidh le seoladh amach chuig ár síntiúsóirí agus le cur ar sheilfeanna ar fud na tíre.

Mar a bheifeá ag súil, tá blas láidir SnaG ar Eagrán 8 agus tá liosta lán imeachtaí againn d’ócáidí éagsúla a bheas ag titim amach le linn na míosa. Istigh ann chomh maith tá:

– Réamhbhlaiseadh ar CEOL ’09

 

– Léirmheasanna albam – Van Morrison, The Prodigy

 

– Léirmheasanna scannáin – Role Models, Watchmen

 

– Sraitheanna teilifíse – The Flight of the Conchords, Na Baillitheoirí Ceoil

 

– Gné-alt ar Hunger

 

– Córas Oibriúcháin Ubuntu v Windows Vista

 

– Teilifíseáin Ardghléine/HD

 

– Lá Twitter na Gaeilge 17.03.09

 

– The Token

 

– An Seanduine Liath

 

– Cuairt ar Bharraigh #2

 

– Tinte na hAstráile

 

– Comórtas Gaeltachta Ghael Linn

Agus muna leor sin daoibh, tá an suíomh úrnua ar bhfuil sibh faoi láthair faoi lán seoil anois le neart rudaí deasa a chuireann go mór le heispéireas iomlán NÓS.

Beidh scéaltaí nua le léamh ar nosmag.com ar bhonn rialta – agus ábhar iomlán Eagrán 8 le fáil anseo ar an mhí seo chugainn – ach is é an t-aon bhealach le scéaltaí agus dearadh an leagain chlóite a bhlaiseadh ina iomlán díreach anois ná síntiús a ghlacadh amach nó cóip a phiocadh suas sna siopaí.

Mar sin bigí linn ar an turas – cá bhfios cá rachaimid?!

SCÉALTA EILE