Buaiteoirí Leictreacha

Mí mhór í seo dúinn mar ní hamháin go raibh eagrán Lúnasa ar fáil i siopaí Eason fud fad na tíre den chéad uair riamh ach ar a bharr sin bhí comórtas den scoth á reáchtáil againn i gcomhpháirt leis An Puball Gaeilge, ardán na nGael ag Electric Picnic.

Bhí ar aon duine a raibh suim acu a lámha a chur ar thicéad don fhéile ceoil is spleodraí in Éirinn, bhí orthu grianghraf díobh féin ag léamh NÓS in áit ar leith a sheoladh isteach chugainn.

Chuir go leor agaibh isteach ar an chomórtas – bhí iontrálacha againn ón fharraige, ón spéir, ó shléibhte agus ó stiúideonna ealaíne in Éirinn, sa Ghailís, sa Spáinn, san Iodáil agus sa tSín i measc áiteanna eile – agus bhí an-dúshlán ar fad roimh an mholtóir agus eagraí An Puball Gaeilge, Rossa Ó Snodaigh.

Bhí ardchaighdeán agus samhlaíocht ag baint le cuid mhór de na híomhánna ach deireadh roghnaigh Rossa trí ghrianghraf a sheas amach dó ar chúiseanna éagsúla… agus seo thíos an triúr ádhúil a bhfuil ticéad deireadh seachtaine an duine buaite acu:

1. Daithí Ó Gordúin – Ag léim isteach san uisce ag Loch Garda i dtuaisceart na hIodáile (thuas).

“Tá sé ar nós go bhfuil sé stoptha san aer. Lámh ar a smig agus é ag léamh na hirise. Seat den scoth.”

2. Damian McCann – Ag baint taitnimh as an iris ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

“Teanga bhríomhar, chomhaimseartha, uirbeach í an Ghaeilge, agus tá sé sin le feiceáil sa ghrianghraf seo. A leithéid de chroiméal!”

3. Hannah Ní Bhaoil agus Sam Mag Uidhir – Faoin ghrian ar chósta Thír Chonaill.

“Gruaig rua, lá breá gréine, tírdhreach álainn, an-iris agus an corn is iomráití sa saol Fódhlach.”

Pics-Damian-Hannah

Comhghairdeas mór le Daithí, Damian agus Hannah agus míle buíochas le gach duine a rinne éacht grianghrafadóireachta agus a ghlac NÓS ar fud an domhain. Beidh deis eile agaibh gan aon amhras!

Agus ar ndóigh má tá tú ag dul chuig an Phicnic Leictreach ag deireadh na míosa ná déan dearmad cuairt a thabhairt ar An Puball Gaeilge, a bhfuil clár iontach curtha le chéile acu arís i mbliana.

Beidh Kíla, Seo Linn, Mo Hat Mo Gheansaí, Manchán Magan, Sibéal Davitt, Kevin McAleer, Enda Reilly, Andréas de Staic, Colm Mac Con Iomaire agus go leor eile ar an ardán thar an trí lá, fiú gan bheith ag caint ar Raidió na Life bheith ag craoladh beo ón láthair… hup!

Buail isteach chuig suíomh an Phubaill anseo leis an chlár iomlán agus eolas breise a fháil.

SCÉALTA EILE