Bail ó Dhia oraibh, a lucht léite NÓS, tá súil agam go bhfuil sibh i mbarr bhur sláinte. Bhí sé i gceist agam eagarfhocal a scríobh inné ach bheartaigh mé gurbh fhearr fanacht go dtí go raibh seantaithí agam ar an bpost. Mar sin, tá mé á scríobh inniu. Beidh eolas ag cuid agaibh ar mo shaothar ón tréimhse a chaith mé mar iriseoir leis an suíomh nuachta Tuairisc.ie agus beidh cuid agaibh ann nach raibh a fhios agaibh go raibh a leithéid de shloinne agus ‘Ó Coimín’ ann — cruiteachán a bhí sa gCoimín, agus mo léan nach ina lámh ach ar a dhroim a bhí an chruit.
Beidh NÓS deich mbliana ar an bhfód an mhí seo chugainn agus tá obair na gcapall déanta ag mo réamhtheachta, Tomaí Ó Conghaile, leis an iris i gcaitheamh na mblianta sin, idir obair eagarthóireachta, scríobh, thaifeadadh físeán, reáchtáil comórtais cheoil agus go leor leor eile. Beidh jab agam a bhróga a líonadh.
Ba dhalta scoile mé a bhí díreach tosaithe ar chúrsa na hArdteiste nuair a bunaíodh NÓS in 2008 agus cé go mbíodh Foinse á cheannacht agam go rialta agus ceachtanna as á n-úsáid ar scoil ag an múinteoir Gaeilge, léirigh NÓS dom gurbh ann don Ghaeilge mar theanga óg, náisiúnta ar bhealach nach bhfaca mé cheana í. Bhí iris i mo lámh a scríobh daoine óga ar an taobh eile den tír agus ábhar a chonacthas domsa a bheith úr agus cool.
Tá súil agam go spreagann NÓS daltaí óga scoile sa gcaoi chéanna sa lá atá inniu ann agus go spreagfar tuilleadh sna blianta amach romhainn. Ar ndóigh, tá lucht léitheoireachta i bhfad níos leithne ná sin againn, agus d’fhéadfaí a mhaíomh nach lucht ‘léitheoireachta’ amháin atá ann níos mó ach lucht ‘féachana’, lucht ‘éisteachta’ agus go deimhin lucht ‘labhartha’ ó bíonn muid ag caint go minic libh ag ócáidí Gaelacha ar fud na tíre agus tá ‘an Ghaeltacht nach gCodlaíonn’ anois ann ar líne, cathair mhór bhríomhar a bhí ina lonnaíocht iargúlta nuair a bunaíodh NÓS deich mbliana ó shin.
Nuair a fhiafraítear díom ‘céard é NÓS’ bíonn sé deacair freagra cruinn a thabhairt ar an gceist. ‘Iris Ghaeilge’ cinnte, ach céard é sin? ‘Iris slí mhaireachtála agus chultúir’ — nach iomaí cultúr atá sa tír seo anois agus nach iomaí slí le maireachtáil? Is iris Ghaelach do dhaoine óga é NÓS (cé nach gcuirfidh muid cosc ar dhaoine nach bhfuil chomh hóg sin a bheith dár léamh). Is iomaí brí atá ag an bhfocal ‘Gaelach’ agus bíonn cur agus cúiteamh ann go minic faoi céard go díreach atá i gceist leis. Tá chuile cheann de na bríonna sin bailí ar a bhealach féin agus tá súil agam ilchineálacht na Gaeltachta, sa gciall is sine den fhocal, a léiriú ar na leathanaigh seo sna blianta amach romhainn.
‘Cé na hathruithe a dhéanfas tú?’ a fhiafróidh sibh, agus déarfaidh mé go ndéanfar athruithe cinnte agus go ndéanfaidh mé iarracht mo lorg féin a fhágáil ar an suíomh, agus ar gach rud a bhaineann leis, ach gur tógáil seachas athrú a bheidh i gceist ann. Tá bunchloch láidir leagtha ag Tomaí Rua romham agus tá mé ag súil le cur leis an méid atá déanta aige.
Féadfaidh mé a rá go bhfeicfear rianta de mo shainspéiseanna féin ar an suíomh — ardán d’óige na Gaeltachta, spás don mhachnamh agus do na healaíona, cíoradh ar chultúr dúchais na hÉireann mar a bhí, mar atá agus mar a bheas, agus go leor ábhar eile nach iad. Feicfear rudaí nach bhfuil spéis mhór phearsanta agam féin iontu ach a gcuireann sibhse na léitheoirí spéis dhamanta iontu. Éistfear agus labhrófar libh.