“Ba chóir dom dul chuig #ElectricPicnic2014 mar…”

Tá an t-am sin den bhliain ann arís agus an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil péire ticéad le buachan againn le haghaidh Electric Picnic!

In éineacht le ‘An Puball Gaeilge’, tá NÓS ag tabhairt seans do dhuine amháin a lámha a chur ar dhá thicéad deireadh seachtaine don ollfhéile chlúiteach i gCo. Laoise ag deireadh na míosa, áit a bhfuil Outkast, Lily Allen, Portishead, Mogwai, Paolo Nutini (thuas) agus go leor ceoltóirí agus rudaí iontacha eile ar an bhille.

Tá an clár is mó go dtí seo curtha le chéile ag ‘An Puball Gaeilge’ féin i mbliana (féach anseo) agus is ann a bheidh an spraoi is Gaelaí agus is craiceáilte sa tír thar an deireadh seachtaine.

An beart atá le déanamh agat le bheith i lár an aicsin?

Díreach cuir tweet chugainn @nosmag dar tús “Ba chóir dom dul chuig #ElectricPicnic2014 mar…” le míniú greannmhar, fíor, áiféiseach nó eile faoin fháth ar chóir duit na ticéidí a bhuachan.

Tá go dtí an Aoine seo chugainn, 22 Lúnasa, na tweetanna a chur agus ansin roghnóidh Príomhaire na Picnice, Rossa Ó Snodaigh, an buaiteoir ádhúil.

Bígí ag tweetáil agus ádh mór oraibh!