Eagrán Aibreáin, Físeáin…
Uimhir 9 anois amuigh

Bhuel tá Seachtain na Gaeilge thart go ceann bliana eile, agus má d’éirigh leat theacht tríd go slán sábháilte, tá féasta fuaime i ndán duit ar NÓS na míosa seo.

Uimhir 1 ar an liosta ar ndóigh ná albam iontach SnaG, Ceol 09, agus tá ceann do gach duine sa lucht féachana! Níl i ndáiríre ach tá deis agat cóip a bhuachan inár gcomórtas.

Tá leideanna úsáideacha ag Gael glórmhar Seattle faoi conas do chuid cheoil féin a chur ar fáil ar leithéidí iTunes agus tá spléachadh againn chomh maith ar cad a bhí ag dul ar aghaidh ar chúl an ardáin ag na gradaim Meteor.

Bhí céadfaí uile ár ngrianghrafadóra faoi ionsaí nuair a thug sí cuairt ar an India agus faigheann muid amach go bhfuil agóidí ar son athraithe le cloisteáil go hard i mBurma go fóill.

Tá sé sin ar fad agus tuilleadh le léamh in Eagrán 9 atá ar fáil anois, mar sin ceannaigh cóip inniu nó, níos fearr fós, faigh síntiús duit féin!

Agus munar éirigh leat leagan clóite de Eagrán 8 a fháil, tá sé ar fáil le léamh anois ar an bhreathnóir issuu.

Ar a bharr sin tá rannóg nua ‘Físeáin’ againn ina mbeidh cuid de na gearrthóga Gaeilge is fearr ar líne le feiceáil agus, amach anseo, tá súil againn ár bhfíseáin speisialta féin a thaispeaint chomh maith.

An leor sin don mhí seo? 😉