NÓS – Léargas físeáin
Bhí muid ar 'Ar Fud na Tíre', TG4

Seans maith gur tháinig sibh ar an tsraith ‘Ar Fud na Tíre’ atá á craoladh ar TG4 i láthair na huaire.

Irischlár snasta é, á láithriú ag Eibhlín Ní Choisdealbha, a thugann léargas ar scéalta úra tráthúla ó cheann ceann na tíre, idir scéalta siamsaíochta, pearsanta, tuaithe, imeachtaí agus eile.

Bhí sé de phléisiúr againn anseo ag NÓS páirt a ghlacadh sa tsraith le déanaí agus seo daoibh an mhír a taifeadadh faoi chúlra na hirise, an obair reatha atá ar siúl againn agus ár bhfís don todhchaí.