Ag dul chuig #ElectricPicnic2014…
Seo buaiteoirí an chomórtais!

Bhuel tá an sprioc istigh le haghaidh chomórtas Electric Picnic 2014 agus nach sibhse a bhí gnóthach?

Tá meas agus moladh ag dul chuig gach Gael a sheol tweet chugainn le breis agus seachtain anuas mar tá sibh tar éis páirt a ghlacadh sa chomórtas Gaeilge is mó riamh ar Twitter… yee haa!

Fuair muid na scórtha iarratas giolcaireachta don dá thicéad agus bhí rogha an-deacair go deo le déanamh ag ár moltóir, Príomhaire na Picnice é féin, Rossa Ó Snodaigh.

Is iomaí duine agaibh ag a raibh ticéad tuillte mar gheall ar an ghreann, an tseiftiúlacht, an tsamhlaíocht agus an diabhlaíocht a léirigh sibh ach sa deireadh cinneadh go dtabharfaí ticéad an duine do… Jacqui Mooney agus Shell. Comhghairdeas libh!

Fuair Jacqui ticéad mar gheall ar a cuid ‘dánaíochta’ – cé go ndeir sí anois gur ‘féintrua’ seachas ‘féintruailliú’ a bhí i gceist aici 😉 – agus dar le Rossa go gcaithfidh sí páirt a ghlacadh in ‘An Feadán Rua’, karaoke pornagrafaíochta le Hector Ó hEochagáin a bheas ar siúl sa Phuball Gaeilge ar an Satharn. Bí ann Jacqui!

Deir Shell go bhfuil sí ag cuartú stócach breá di féin mar sin gach rath uirthi ag an bPicnic chomh maith!