‘Is í an óige Ghaelach croí NÓS i gcónaí tar éis 15 bliana’

Tá NÓS cúig bliana déag d’aois inniu agus is iomaí cor atá tagtha i gcinniúint na hirise ó shin leith. Is údar áthais agus bróid dom féin go raibh baint dhíreach agam le NÓS ar feadh cúig bliana de na blianta sin agus mé ar an stiúir ar feadh aon trian de shaolré na hirise anois.

Ar ndóigh ní isteach i ngarraí gan treabhadh a chuaigh mé Lá Fhéile Bríde 2018 nó bhí obair na gcapall déanta ag mo réamhtheachtaí Tomaí Rua Ó Conghaile agus Méabh Ní Thuathaláin le deich mbliana anuas roimhe sin. Is maith liom a cheapadh gur thóg mé ar an mbunchloch mhór théagartha a leag an beirt sin síos romham agus go bhfuil feabhas éigin curtha agam ar an tseoid d’iris a fuair mé le hoidhreacht ó na hUltaigh bhreátha sin.

Ó tharla go bhfuil scéal na hirise ríofa go hoifigiúil ar a leathanaigh féin agus leathanaigh eile cheana, tapóidh mé an deis inniu ailtín beag pearsanta faoin gcaoi a ndeachaigh NÓS i bhfeidhm orm féin ó bunaíodh é agus go mór mór ó chuaigh mé i gceannas ar an taobh eagarthóireachta di.

Bhí mé sa gcúigiú bliain ar scoil nuair a chuir Tomaí an chéad eagrán sin amach mar PDF agus is cinnte nár chuala mé faoi an t-am sin. Ba é Foinse an foilseachán Gaeilge a bhí sa teach agus sa seomra ranga, foilseachán breá ann féin. Is dóigh gur chuala mé faoi NÓS den chéad uair am éigin in 2009. B’fhéidir go bhfaca mé cóip fhánach a d’éalaigh ó Oireachtas na Gaeilge i gCaisleán an Bharraigh ach is dócha ná a athrach gur sa gcoláiste, Fiontar in DCU, a leag mé lámh uirthi den chéad uair.

Is cinnte gur léitheoir dílis a bhí ionam faoi dheireadh na chéad bhliana sin. Fuair Foinse bás cúpla lá i ndiaidh dom an Ardteist a dhéanamh agus bhí fanacht orainn sular tháinig Gaelscéal ina diaidh. Nár mhór an mhaith domsa, a bhí seacht mbliana déag, go raibh nós* (mar a thugtaí an uair sin uirthi) ar fáil dom agus mé ag santú ábhar i nGaeilge a spreagfadh mé ar an gcúrsa iriseoireachta.

Léirigh NÓS dom go raibh pobal labhartha óg ag an nGaeilge agus go bhféadfainn féin a bheith óg i nGaeilge ar bhealach nár thuig mé cheana. Bhí mé ag léamh focal i nGaeilge a scríobh daoine a bhí ina gcuid fichidí faoi ábhar a shíl mé féin a bheith cool agus spéisiúil.

Tá súil agam go spreagann NÓS daoine óga ar an gcaoi sin fós, cé nach n-airím mé féin i measc an aosa óig níos mó agus mé 32 bliain d’aois agus an dath ag imeacht den ghruaig agus den fhéasóg. Is í an óige Ghaelach croí NÓS i gcónaí tar éis cúig bliana déag agus is í is tábhachtaí dom mar eagarthóir ar an iris. Déanaim iarracht freastal ar lucht léitheoireachta atá óg ach níos tábhachtaí fós glúin nua scríbhneoirí a spreagadh chun pinn.

Tá deireadh, nach mór, leis na cúrsaí cearta iriseoireachta Gaeilge sna hollscoileanna anois. Níl a fhios agam ar chreid mé riamh iontu ar aon chaoi -agus ní mór dom a rá nach aon bhac é ar dhuine a bheadh ag iarraidh scríobh do NÓS mura mbeadh páipéirí coláiste aige. Is dóigh liom go bhfuil ról an-tábhachtach ag an iris, mar sin, an t-aos óg a chur ag scríobh agus ardán a thabhairt dóibh a scéalta féin a inseacht ina gcuid Gaeilge féin.

Ar an ábhar sin, tá an Ghaeltacht an-tábhachtach dom freisin agus b’fhéidir go mbraithfeadh léitheoirí áirithe go bhfuil athrú beag tagtha ar NÓS ó iris a bhí thar a bheith Feirsteach nuair a bunaíodh ar dtús í go rud a bhfuil ruainne beag níos mó den Ghaeltacht inti anois. Ní dhéanaim aon leithscéal faoi sin, ó feictear dom go raibh sé an-deacair ar óige na Gaeltachta iad féin a cheangal leis an saol ‘úr nua cool’ Gaeilge a shamhlaítear go han-mhinic le pobail chathrach. Theastaigh uaim glór a thabhairt do na daoine Gaeltachta a bhí chomh cool céanna lena gcomrádaithe cathrach.

Ardaíonn sé mo chroí nuair a chloisim go bhfuil sleachta as NÓS á n-úsáid i ranganna teanga sa nGaeltacht le canúint na háite a mhúineadh agus gur daoine óga as na háiteacha sin a bhreac a gcanúint féin go dílis ar an bpáipéar.

Tá mé buíoch de Thomaí agus de Ghráinne Holland as na cúig bliana (agus sé seachtaine!) atá caite agam le NÓS agus as na deiseanna uilig a d’eascair as an obair anseo. Chonaic mé go leor den tír, den Ghaeltacht, agus den domhan mór agus casadh an oiread sin daoine áille orm in imeacht na mblianta. Airím roinnt mhaith de scríbhneoirí na hirise mar chairde anois freisin agus tá mé an-bhuíoch de na scríbhneoirí céanna, ar fud fad na tíre, as a ndílseacht agus a ndíograis.

Is fada an t-achar é cúig bliana déag d’iris Ghaeilge agus is iomaí foilseachán eile nár sheas an cúrsa chomh fada céanna leis seo. Tá súil agam go mbeidh NÓS ann fós in 2038 ar a laghad agus níos faide anonn. Tá súil agam go n-aithneoidh lucht maoinithe na hirise a tábhacht agus go gcuimhneoidh siad ar an obair mhór atá déanta againn ón uair sin a bhrúigh Tomaí ‘foilsigh’ Lá Fhéile Pádraig 2008 agus cinntí á ndéanamh acu faoi mhaoiniú na hirise.

Níor tháinig aon ardú ar mhaoiniú NÓS ó bhí 2014 ann agus tá an fhoireann agus na scríbhneoirí seachtracha ag maireachtáil ar na pinginí suaracha céanna ó shin. Beidh deireadh ag teacht leis an gconradh reatha i gceann dhá bhliain nó mar sin – cinntímis nach n-imeoidh an iris iontach seo le gaoth ina dhiaidh sin.

SCÉALTA EILE