Tá bliain amháin beagnach thart agus ceann eile ar tí toiseacht, agus go leor ceiliúrtha le déanamh idir seo agus sin ar ndóigh.
Is cinnte go bhfuil ábhar imní ar Ghaeil faoi cén áit a bhfuil muid ag dul mar phobal teanga agus níl aon amhras go bhfuil dúshláin mhóra romhainn i gcónaí.
Tá ábhar dóchais ann mar sin féin agus táthar ag súil go mbeidh ceannairí agus gnáthbhaill ár bpobail in ann teacht le chéile san athbhliain chun cur chuige nua, samhlaíoch, neamhspleách a leagan síos don tréimhse amach romhainn – go n-éirí linn.
Anseo in oifigí NÓS tá muid féin ag dúil go mór leis an bhliain úr chomh maith agus dóchas againn cur leis an méid atá bainte amach againn le linn 2013.
D’éirigh linn irisí ardchaighdeáin a chur amach ar bheagán acmhainní agus den chéad uair riamh chuaigh NÓS isteach i siopaí Eason ar fud na tíre, mar aon ar ndóigh leis na siopaí Gaelacha.
Bronnadh gradam orainn ag na Irish Magazine Awards as an dearadh irise is fearr sa tír – an t-aon uair riamh ar bhuaigh foilseachán Gaeilge duais ag na gradaim iomráiteacha náisiúnta seo.
Tá muid fíorbhuíoch ar fad dár rannpháirtithe iontacha a chabhraigh linn ar bhealaí éagsúla le linn na bliana agus tá buíochas speisialta ag dul fosta chuig gach síntiúsóir agus léitheoir a thugann tacaíocht thábhachtach den togra pobal-bhunaithe seo i gcónaí.
Bíodh Nollaig Nósúil den scoth agaibh uilig mar sin agus feicfidh muid sibh in 2014!