NÓS – An iris is fearr dearadh sa tír
Bua mór ag NÓS ag Irish Magazine Awards

Tá sé oifigiúil, tá NÓS ar an iris is fearr dearadh in Éirinn.

Bronnadh an gradam iomráiteach ‘Best Design Team of the Year’ ar an iris ag na Irish Magazine Awards, a bhí ar siúl in Óstán an Marker, Baile Átha Cliath, Déardaoin 5 Nollaig.

D’éirigh le foireann deartha NÓS – an t-eagarthóir Tomaí Ó Conghaile agus an dearthóir grafach Ryan O’Reilly – theacht amach chun tosaigh ar iomaíocht ghéar i rannóg ina raibh Hot Press, Irish Tatler, Image Interiors and Living, Confetti agus iris Aer Lingus, Cara.

Is í seo an chéad uair riamh ar bronnadh duais ar iris Ghaeilge ag Gradaim Irisí na hÉireann agus tá súil againn go meallfaidh ár mbua níos mó airde ar na meáin Ghaeilge trí chéile.

“Mhol na moltóirí caighdeán deartha agus táirgthe NÓS go hard agus tá gliondar mór orainn gur tugadh an t-aitheantas suntasach seo don iris,” arsa Tomaí.

“Ar a bharr sin, tá muid an-bhródúil as ionadaíocht a dhéanamh ar son na Gaeilge ag na gradaim náisiúnta seo agus sílim gur éirigh linn aird a tharraingt ar chuid den dea-obair atá ar siúl trí mheán na Gaeilge.”

Sa ghrianghraf tá Tomaí ag bailiú na duaise ó ionadaí Magazines Ireland agus ó Mairéad Farrell ó Today FM, bean an tí ar an oíche.

Grianghraf le Paul Sherwood.