Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libhse, na léitheoirí, a tháinig chomh fada linn anseo ar www.nos.ie agus a chaith súil ar na hailt a chuir ár scríbhneoirí cumasacha ar fáil daoibh. Ar na hábhair is mó ar chuir sibh spéis iontu bhí giorrúcháin Ghaeilge, foirne Gaelacha peile, frustrachas Dhomhnaill Gleeson, comhráite ciotacha, agus ealaín Jack B Yeats.
D’fháiltigh muid roimh roinnt scríbhneoirí nua an tseachtain seo: Eoin Ó Dubhghaill, aisteoir agus iriseoir atá lonnaithe i mBéal Feirste a bheidh ag roinnt a thuairimí faoi na scannáin is nuaí linn chuile sheachtain; Máire Treasa Ní Cheallaigh, Conamaraíoch san ardchathair a bheidh i mbun pinn uair sa tseachtain faoi chúrsaí sláinte, spóirt agus folláine; agus Dennis King, cainteoir Gaeilge in Seattle a bheidh ag roinnt ‘Gaois na hIndia’ linn uair sa tseachtain, freisin, lena rannta Sanscraite.
D’fhreastail NÓS ar Ghradam Ceoil TG4 i gCeoláras an Waterfront (nó ‘Halla Cois Cuain’ mar a thug ár gcairde i Meon Eile ar an ionad) agus bhí an-oíche cheoil agus shiamsaíochta ann. Bronnadh an duais mhór ar an bhfidléir Gaillmheach Frankie Gavin ach bronnadh duaiseanna eile ar Claire Friel as Albain, Pádraigín Uí Uallacháin as Oiriall agus go leor daoine eile freisin.
Bhí Micheál D i láthair freisin, agus cé nár éirigh linn féinín a thógáil leis, thóg na grianghrafadóirí gairmiúla neart pictiúir oifigiúla agus tá plúr na gceoltóirí traidisiúnta Gaeilge le feiceáil sa ngailearaí a d’fhoilsigh muid Dé Luain.
Tabharfaidh sibh faoi deara gur foilsíodh dhá léirmheas leabhair ar an suíomh le seachtain anuas, ceann amháin ar Táin Bó Cuailgne le Darach Ó Scolaí, agus ceann eile ar Réabhlóid na Rúise: Leabhar 1. Seans gurb iad sin na hailt ar thagair léirmheastóir na meán, Concubhar Ó Liatháin, dóibh ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Céadaoin agus é ag caoineadh ábhar “acadúil” an tsuímh ach is dóigh linne gur chun tairbhe an phobail agus na teanga a ghabhfaidh léirmheasanna de chuile chineál ar an suíomh seo agus bígí ag súil le i bhfad níos mó léirmheasanna ar leabhair, scannáin agus ceol amach anseo.
Tá súil againn ailt a fhoilsiú go luath ó na colúnaithe rialta a bhíonn ag NÓS, an file iomráiteach Ciara Ní Éanacháin, Eoin P Ó Murchú, Ben Ó Faoláin agus daoine eile nach iad, agus tá muid ag súil go mór le sibh a chur in aithne do cholúnaithe nua atá ag saothrú go dian anois díreach agus iad ag súil lena debut ar NÓS. Beidh colún nua ceoil ag tosú go luath agus tá cainteanna ar bun le roinnt mhaith daoine nua eile a thabharfaidh ‘súil eile’ (© TG4?) ar chúrsaí an tsaoil dúinn, agus a chuirfidh ábhar bríomhar spreagúil ar fáil dúinn.
Tá cúpla plean eile ann, freisin, nach bhfuil sách forbartha go fóill le fógra a dhéanamh fúthu anseo ach amháin go mbeidh siad ag teacht agus go mbeidh siad go maith. Bhí cruinniú ag NÓS le Raidió na Life i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo agus súil againn cruinnithe eile a shocrú le hionadaithe ó Raidió Fáilte i mBéal Feirste agus Raidió na dTreabh i nGaillimh le comhthogra mór a chur i gcrích.
Tá dhá shraith alt á gcoimisiúnú i láthair na huaire, freisin, a gcuirfidh lucht léite NÓS an-spéis go deo iontu ach ní féidir an rún a sceitheadh go fóill.
Ná bíodh aon drogall oraibh tráchtanna a fhágáil faoi na hailt ar an suíomh, ríomhphost a chur chugainn ag eolas@nos.ie nó dul i mbun comhrá linn ar na meáin shóisialta ag @nosmag. Beidh muid ag éisteacht.