De réir na staitisticí, tá an ráta féinmharuithe agus an ráta fadhbanna meabhairshláinte níos airde sa Tuaisceart ná in áit ar bith eile sa Ríocht Aontaithe. Tá níos mó daoine i ndiaidh bás a fháil de bharr an fhéinmharaithe ó bhí 1998 ann ná mar a fuair bás le linn na coimhlinte. (Action Mental Health).
Labhair muid le Aoife McCrory a chaill a col ceathrair Nuala in 2019 agus le Sara Boyce atá ag obair leis an eagraíocht ceart daonna PPR – Participation and the Practice of Rights. Dar leis an bheirt acu, níl na polasaithe atá curtha i bhfeidhm le dul i ngleic leis an ghéarchéim mheabhairshláinte ó thuaidh ag obair agus tá athruithe sa chóras de dhíth go práinneach. Faoi láthair, níl teiripe chainte ar fáil i ngach seirbhís dochtúra teaghlaigh sa Tuaisceart agus nuair atá sin ar fáil tá liosta feithimh mór ann. Deir Sara Boyce go bhfuil níos mó maoinithe de dhíth ar sheirbhísí meabhairshláinte agus gur cheart go mbeadh teiripe chainte ar fáil do gach duine atá á lorg agus nár cheart go mbeadh duine ar bith ag fanacht níos mó ná 28 lá ar choinne le teiripeoir.
Labhair le duine:
Lifeline NI: 0808 808 8000
The Samaritans: 116-123
Childline: 0800 1111
Pieta House: 00353 1 6010000