FÍSEÁN: ‘Tá paindéim de thráma amuigh ansin’

Cothrom an lae seo 25 bliana ó shin, síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, comhaontú a chuir tús le tréimhse nua i stair an Tuaiscirt. Cé gur tháinig athrú chun feabhais ar an tsochaí de bharr an tsocruithe agus go bhfuil glúnta anois ar an saol nach bhfuil cuimhne acu ar laethanta dorcha na coimhlinte, ní hionann sin agus a rá nach bhfuil tionchar ag an choimhlint ar an phobal go fóill.

Tá aithne fhorleathan ar Jake Mac Siacais mar ghníomhaí Gaeilge agus mar dhuine a bhí gníomhach sa ghluaiseacht phoblachtánach i mBéal Feirste ó bhí sé ina fhear óg. Is iomaí tragóid agus tráma a bhain do Jake le linn na coimhlinte agus san fhíseán seo labhraíonn sé go hoscailte ionraic faoin dóigh a ndeachaigh na heispéiris sin i bhfeidhm air.

Tá leabhar scríofa aige ar a thaithí phearsanta féin, tréimhse an ghalair dhuibh san áireamh, rud a chuidigh go mór leis déileáil leis na dúshláin a bhí roimhe.

Deir sé go bhfuil cuid mhór daoine ag dul i ngleic leis na dúshláin chéanna, go bhfuil sé tábhachtach labhairt ar an fhadhb choitianta seo sa tsochaí agus gur gá tabhairt faoi ar mhaithe leis na daoine óga atá ag teacht chun cinn inniu.

SCÉALTA EILE