‘Freagraímis an glaoch’ – Lá an Domhain 2020

“Tá glór éigin ag glaoch ort. An bhfuil sé cloiste agat go fóill? Tá sé in am againn uile éisteacht, agus é a fhreagairt.”

Inniu ‘Lá an Domhain’, imeacht domhanda a cuireadh ar bun in 1970 chun aird a dhíriú ar chosaint na timpeallachta, agus tá físeán speisialta foilsithe ag NÓS le páirt a ghlacadh sna hiarrachtaí.

Bunaitheoir NÓS, Tomaí Ó Conghaile, a scríobh na focail agus Gráinne Hollland a léirigh agus a stiúir.

“Táimid ag maireachtáil i dtréimhse as an ghnáth,” arsa Gráinne.

“Ní hamháin go bhfuil an domhan faoi bhrú de bharr thionchar an chine dhaonna ach anois tá paindéim an choróinvíris buailte linn.

“Tugann sé sin deis dúinn ár machnamh a dhéanamh ar na nithe atá tábhachtach dúinn i ndáiríre, agus níl mórán níos tábhachtaí ná an pláinéad ar a gcónaíonn muid.”

Bíonn glór na cruinne le cloisteáil sa chúlra i gcónaí, dar le Tomaí, ach cluas le héisteacht a thabhairt dó.

“Tá tréimhse seo na dianghlasála i ndiaidh spás áirithe a chothú i saol go leor daoine, am chun athbhreithniú a dhéanamh ar an áit a bhfuil muid anois agus ar an bhealach atá amach romhainn,” ar seisean.

“Is dócha gur cuireadh é an físeán seo chun an t-athbhreithniú sin a dhéanamh, agus chun bheith níos tuisceanaí ar an bhronntanas iontach atá againn mar phláinéad. Ní bheadh muid anseo gan í, agus is fiú go mór dúinn gníomhú chun í a chosaint, a chothú agus a cheiliúradh.”

Buíochas mór leis an Máthair-Chruinne, agus leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge a thug maoiniú leis an bhfíseán a dhéanamh.

SCÉALTA EILE